31 Iúil 2009

An tInneall Mallachtaí



Chuir mé An tInneall Mallachtaí i dtoll a chéile na blianta ó shin. Bhí sé as gléas le tamall anuas. Ach tá mé díreach tar éis teachtaireacht a fháil ó Chaoimhín Ó Donnaíle ag Sabhal Mór Ostaig á rá liom gur chuir sé caoi air agus go bhfuil sé ag obair arís.

7 comments:

  1. Ú, iontach, an modh foshuiteach láithreach! Go raibh maith agat, go n-éirí an bóthar leat agus nár lagaí Dia do lámh.

    ReplyDelete
  2. Áthas orm go dtaitníonn sé leat. Ós rud é go dtuigeann tú cúrsaí gramadaí, seo rud eile duit. Creideann daoine go hiondúil gurb é atá san ainm a bhaist mé ar an ngaireas seo ná "an t-ineall" móide an t-ainmneach uatha den fhocal "mallacht". Bhí rud eile ar intinn agam, áfach. An bhfeiceann tusa é?

    ReplyDelete
  3. Hmm. Chuir tú i dtreo an bhfoclóir bhig mé.

    mallachtach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
    tugtha do na mallachtaí; mallaithe.

    Bréischéim?

    The very accursed engine?

    Is maith ann é arís, pé scéal é. Nár laga Dia méarchlár Chaoimhín.

    ReplyDelete
  4. The very accursed engine?

    The engine which is extremely given to cursing a bhí i gceist agam.

    ReplyDelete
  5. Briathrú an fhocail "mallachtach": ag mallachtach?

    Go mallachtaí an tinneall!

    ReplyDelete
  6. Tá ainmfhocal ann a chiallaíonn "(act of) cursing": an mhallachtach; mallachtaí a ghinideach. Mar sin: the engine of (actively) cursing.

    Dála an scéil, tá leabhar beag ar fáil abhus anseo ó fhoilsitheoir Meiriceánach, _The Book of Irish Curses_ le Patrick C. Power. Mercier Press a chuir amach é an chéad lá riamh, sa bhliain 1974. An bhfuil aithne agaibh air (an leabhar, ní an Paorach)? Tá sé lán de sheanchas suimiúil.

    ReplyDelete