Chuir mé An tInneall Mallachtaí i dtoll a chéile na blianta ó shin. Bhí sé as gléas le tamall anuas. Ach tá mé díreach tar éis teachtaireacht a fháil ó Chaoimhín Ó Donnaíle ag Sabhal Mór Ostaig á rá liom gur chuir sé caoi air agus go bhfuil sé ag obair arís.
Chomh dubh le lámha giolla nuachtáin
20 hours ago
Ú, iontach, an modh foshuiteach láithreach! Go raibh maith agat, go n-éirí an bóthar leat agus nár lagaí Dia do lámh.
ReplyDeleteÁthas orm go dtaitníonn sé leat. Ós rud é go dtuigeann tú cúrsaí gramadaí, seo rud eile duit. Creideann daoine go hiondúil gurb é atá san ainm a bhaist mé ar an ngaireas seo ná "an t-ineall" móide an t-ainmneach uatha den fhocal "mallacht". Bhí rud eile ar intinn agam, áfach. An bhfeiceann tusa é?
ReplyDeleteHmm. Chuir tú i dtreo an bhfoclóir bhig mé.
ReplyDeletemallachtach [aidiacht den chéad díochlaonadh]
tugtha do na mallachtaí; mallaithe.
Bréischéim?
The very accursed engine?
Is maith ann é arís, pé scéal é. Nár laga Dia méarchlár Chaoimhín.
The very accursed engine?
ReplyDeleteThe engine which is extremely given to cursing a bhí i gceist agam.
Briathrú an fhocail "mallachtach": ag mallachtach?
ReplyDeleteGo mallachtaí an tinneall!
Tá ainmfhocal ann a chiallaíonn "(act of) cursing": an mhallachtach; mallachtaí a ghinideach. Mar sin: the engine of (actively) cursing.
ReplyDeleteDála an scéil, tá leabhar beag ar fáil abhus anseo ó fhoilsitheoir Meiriceánach, _The Book of Irish Curses_ le Patrick C. Power. Mercier Press a chuir amach é an chéad lá riamh, sa bhliain 1974. An bhfuil aithne agaibh air (an leabhar, ní an Paorach)? Tá sé lán de sheanchas suimiúil.
Iontach!
ReplyDelete