06 Iúil 2009

an cló is measa



American Uncial an t-ainm a bhí ar an gcló seo nuair a tháinig sé amach sa bhliain 1943. Is é an tOstarach Viktor Hammer a dhear é. Tháinig sé amach arís sa bhliain 1953 faoin ainm Neue Hammer Unziale. Bhí ráchairt air ar feadh i bhfad, am ar bith a raibh cló “Ceilteach” ag teastáil. Ní raibh an dara rogha ag a lán daoine lasmuigh d’Éirinn, agus thaitin sé leo siúd nach raibh cur amach dá laghad acu ar an gcló Gaelach ná ar a stair. Is gránna an cló é seo agus chuireann sé díomá orm gach uair a fheicim rud ar bith i nGaeilge scríofa ann.

2 comments:

  1. Tagaim leat, bhí gráin agam ar an gcló áirithe sin i gcónaí. Ach ní raibh a fhios agam nach cló Gaelach é!

    ReplyDelete
  2. Cuirfidh mé na focla céanna i gcúpla cló “Gaelach” eile agus postálfaidh iad anseo, le go mbeidh deis againn iad a chur i gcomparáid. Mar atá a fhios agat, uaireanta bíonn cló go halainn in áit amháin agus beagnach doléite in áiteanna eile.

    ReplyDelete