27 Iúil 2009

laoi nó litir



Ós rud é go bhfuil suim thar cuimse agam i litreacha (callagrafaíocht, an aibítir, cló, etc.) taitníonn an abairt seo go mór liom:

Níl sé i laoi ná i litir.

Níl cuntas air áit ar bith.
FGB, lch 749, s.v. “laoi”

Ceist agam oraibh: ar bhuail sibh riamh leis an gcor cainte sin, scríofa, ráite, nó labhartha?

“Benedict Uncial” le Philip Bouwsma an cló thuas.

8 comments:

  1. Ní raibh sé feicthe agam cheana, ach "No written evidence" an brí atá ag Dinneen leis.

    Nath deas.

    ReplyDelete
  2. "No evidence, written or oral" a déarfainn. Sílim go bhfuil dhá chodarsnacht sa nath seo ó thús:

    1. litríocht bhéil vs. litríocht scríofa

    2. litríocht réamhchríostaí (an Fhiannaíocht go háirithe) vs. litríocht na hEagalise (thugtaí "recht litre" ar "scrioptúr" sa mheánaois)

    ReplyDelete
  3. Tá ciall leis sin. Nath ana dheas!

    ReplyDelete
  4. N'fheadar an bhfuil an nath brúite i leataobh ag "gan tásc na tuairisc" a chloistear go minic?

    ReplyDelete
  5. Agus is nath dea-foghrach uamach é leis. Seoid eile aimsithe ag an mianadóir! GRMA.

    ReplyDelete
  6. Níor bhuail cheana. Cuireann sé caint Tom Rua (i gCré na Cille) i gcuimhne dom - 'is iomaí rud a deirtear nach mbíonn i gclár ná i bhfoirm!'

    ReplyDelete
  7. Tá 'níl sé i gclár ná i bhfoirm' sa chaint ag cainteoir dúchais i gConamara ach is é mo thuiscint gurb 'it never was' an chiall atá leis, rud nach raibh riamh ann seachas an rud a bhíodh ann agus nach bhfuil 'evidence' le fáil maidir leis in aon áit.

    ReplyDelete
  8. Léigh mé áit éigin é roimhe seo, cinnte. Níl aon chuimhne orm cá bhfaca, faraor. Tugtar mar shampla é in Ó Dónall.

    ReplyDelete