10 Iúil 2009

Tá siad ar fud na háite.

Cúpla lá ó shin tharraing Cú Chonnacht ár n-aird ar íomhá na Maighdine atá in ainm a bheith le feiceáil i stumpa crann sailí a gearradh le déanaí i Ráth Caola i gCo. Luimnigh.

Is cuimhin linne abhus anseo i Meiriceá an íomhá de Mother Theresa a frítheadh ar cinnamon bun sa bhliain 1996 sa Bongo Java Coffee Shop i Nashville (agus a goideadh ón siopa sin sa bhliain 2005, faraor).





Is féidir a rá gur acheiropoieta iad seo, íomhánna naofa nach ndéanadh le lámh an duine. Is focal Gréigise é seo, curtha i dtoll a chéile mar seo: α + χειρο lámh + ποίητον déanta.

Ní hiad na Críostaithe amháin a fheiceann rudaí mar seo. Ní thugann Moslamaigh ómós d'íomhánna, ar ndóigh, ach tugann siad an-urraim do fhocail scríofa an Chóráin. Agus, iontas na n-iontas, faigheann siad an focal “Allah” scríofa ar fud na háite. Seo agaibh an focal féin, agus leaganacha de a chonaic daoine i gcraobhóga cachtais, ar chapati, agus taobh istigh d'aubergine, i measc rudaí eile, inite agus do-ite:





Beidh níos mó le rá agam faoi acheiropoieta i gcultúir dhúchasacha Mheiriceá sa chéad phostáil eile, LCD.

3 comments:

  1. Cé nach bhfuilim féin in ann adhmad a bhaint as aithním gur ceist fhealsúnachta í cé acu an féidir nó nach féidir srianta réasúnacha a chur le feniméin reiligiúnacha. Níl an sagart áitiúil ro-shásta leis an scéal ar aon nós ach ní fheadar an leor neart a chreideamhsan chun an sliabh... crann seo a bhogadh.

    ReplyDelete
  2. "neart a chreidimhsean" seachas "neart a chreideamhsan": sciorradh ...creidimh?

    ReplyDelete
  3. Meas tú céard a fheiceann an ostrais agus a cloigeann sa ghaineamh aici...

    Níl a fhios agam, a Dennis. Chuile dhuine agus a Ché féin acu, a chreideamh féin acu, feicfidh siad an rud is mian leo a fheiceáil, má fheileann sé dá riachtanais, is dóigh liom...:-)

    ReplyDelete