27 Iúil 2009

Monday's Child



An cuimhin leat an rann seo i mBéarla?

Mondays child is fair of face,
Tuesdays child is full of grace,
Wednesdays child is full of woe,
Thursdays child has far to go,
Fridays child is loving and giving,
Saturdays child works hard for his living,
And the child that is born on the Sabbath day
Is bonny and blithe, and good and gay.

Tá rud éigin cosúil leis sin againn i nGaeilge ón gceathrú haois déag, ach ní do pháistí a scríobhadh é. Séard a fheiceann tú sa ghrianghraf thuas ná blúire den téacs atá i gceist agam ó Leabhar Ua Mhaine (f. 47 v):

Nech genes i nDomnach, bidh [suthain bidh soenmech a be]
tha, bid imda i ndomun [dó]...

An té a bheirtear Dé Domhnaigh, beidh fada, beidh suaimhneach a bheatha, beidh raidhse ar an domhan dó...

Tá an tairngreacht seo an-deas ar fad. Ach ní chomh gealgháireach sin atá siad uilig! Mar shampla, báfar an duine a rugadh Dé Mairt... ach beidh sé go maith le madraí is le mná. Agus maidir leis an té thagann ar an saol Dé Céadaoin, “do·géna gním ndúaircc ria mbáss” (déanfaidh sé gníomh duairc roimh a bhás).

Tá an téacs iomlán in éineacht le haistriúchán Béarla ar fáil ar líne ag CELT.

7 comments:

  1. Cad a deir sé faoi pháiste an Déardaoin? Rugadh an triúr atá againn ar an Déardaoin.

    ReplyDelete
  2. Rugadh mise ar an gCéadaoin agus b'éigean dom an rann úd (an leagan Béarla de, ar ndóigh) a chloisint an iomarca uaireanta le linn m'óige - ó pháistí nár rugadh ar an lá sin!

    Ach de réir dealraimh, dá mbeinn ag brath ar leagan níos rathúla i dteanga mo shínsear níorbh fhiú dom é.

    ReplyDelete
  3. Níl an tairngreacht don lá sin go dona ar chor ar bith, a Phroinsiais, murab ionann agus an lá roimhe. (Tá brón orm, Ormondo!)

    Nech genes i nDardáin, bás a fescur dobéla, nó taithim nó bidgad, bid suthain, bid carthanach, bid clannmar, cid bed dán dogéna, bid maith ann, bid crúaid.

    Duine a bheirtear Déardaoin, gheobhaidh sé bás tráthnóna, de thitim nó de gheit; beidh sé fadsaolach, beidh sé carthanach, beidh sé clannach; cibé ceird a dhéanfas sé, beidh maith inti, beidh (sí?) crua.

    ReplyDelete
  4. Is deas liom sin a chloisteáil! Grma!

    ReplyDelete
  5. Rugadh Dé Céadaoin mé!

    "Nech genes a Cétáin, anim for a chlí bás tria fuil atbéla, bidh neimnech a hirlabra, bid miscnech, bid trén gabáltaig , dogéna gním ndúaircc ria mbáss."

    Níor tháinig an tuar faoin tairngreacht go fóill
    :)

    Dennis, an bhféadfá an chuid eile a aistriú dom? le do thoil.

    ReplyDelete
  6. Seo duit, a Chú:

    An té a bheirtear Dé Céadaoin, (beidh) ainimh ar a chorp, geobhaidh sé bás fuilteach, beidh a urlabhra nimhneach, beidh sé mioscaiseach, creachadóir mór a bheas ann, déanfaidh sé gníomh duairc roimh a bhás.

    Úf! An mar sin atá tú? Tá jab iontach maith ag fanacht lear ar Wall Street!

    ReplyDelete