18 Iúil 2009

rann na gcodán










Scríobh Murchadh Ó Cuindlis an rann seo ar imeall íochtarach leathanach 61 sa Leabhar Breac. Véarsa neamónach is ea é. Cuireann sé in iúl, go ceart agus go cruinn, an chomhréir idir ½ agus ⅓, agus ansin idir ⅓ agus ¼.

Sessed eter leth is trīan,
ros·fitir cech fer fīrfīal;
ocus aile decc īarsin,
eter trīan is cethramthain.

Séú idir leath agus trian,
tá a fhios ag gach fear fíor-fhial;
agus dóú déag ina dhiadh sin,
idir thrian is cheathrú.

3 comments:

  1. An-deas, Dennis, ach cén leas a bhí sé chun baint as an rann sin? An ag maíomh as a chuid eolais a bhí sé, nó, mar a mholann tú féin, má chuirtear an rann de ghlan meabhair, ní gá duit eolas a bheith agat ar chleas an chomhainmneoir is lú?

    ReplyDelete
  2. An dara ceann, is dócha. Is fada ó bhí ormsa deileáil lena leithéid, mar sin bhí orm é a phromhadh le peann is páipéar:

    1 = 6/6
    1/2 = 3/6
    1/3 = 2/6
    = 1/6 idir leath agus thrian

    1= 12/12
    1/3 = 4/12
    1/4 = 3/12
    = 1/12 idir thrian agus ceathrú

    ReplyDelete
  3. Nach mbeadh an saghas seo cleas de dhíth ar grafnóir agus é ag leagan amach leathanach?

    Is cinnte gur mó "droichead asail" a bhí ag na ceardaithe fadó chun nithe úsáideacha mar seo a mheabhrú, agus is fiúntach an promhadh pinn rann mar seo.

    ReplyDelete