25 Iúil 2009

an méid a dúirt Emer



Thaitin na focail seo chomh mór liom go ndearna mé stampa rubair díobh. Ní cóip fhótagrafach dá bhfuil sa lámhscríbhinn é seo, áfach. Chuir mé le chéile é as íomhánna de litreacha éagsúla a thóg mé as Leabhar na Nuachongbhála (aka The Book of Leinster).

4 comments:

  1. Seo ceann de na scéalta a phléigh an Ciobhánach leo i nDreachtaí Críoch Fodhla (más an Tochmharc atá i gceist)

    Ní raibh mé iomlán sásta leis an leabhar úd, ach sílim go mbainfeása súp as.

    ReplyDelete
  2. Feicim nach an Tochmharc atá i gceist. Ach seasann an cuid eile!

    ReplyDelete
  3. Thug mé súil ar an leabhar sin in HF an samhradh seo caite, ach tar éis dom é a mheá go cúramach (an praghas, an meáchan ós ag taisteal a bhí mé, agus a raibh ann, ar ndóigh) níor cheannaigh mé. Ach go raibh maith agat as an moladh!

    ReplyDelete
  4. Bhí sé i gceist agam é a bhlagáil, ach chuir mé ar an méar fhada é cionn is nach raibh mé chomh sásta sin leis.

    (Theip orm é chríochnú)

    ReplyDelete