05 Iúil 2009

Blago bocht freisin


Mise, Rod Blagojevich, fear na gruaige! Gobharnóir i bhí ionamsa freisin, nach cuimhin libh? Bhí mé i lár an aonaigh ar feadh seachtainí. Bhí clú agus cáil ar mo chuid gruaige ar fud an domhain. Agus ansin, passé, caite i dtraipisí. Bheadh sé chomh maith agam bheith i mo bhlagadán, chomh fada leis na meáin de. I mean, féachaigí orm anois, guest spot á dhéanamh agam anseo ar bhlag beag gan iomrá ... i nGaeilge!?!

2 comments: