17 Iúil 2009

luath, éifeachtach & saor in aisce!



Tá tú tar éis súil a chaitheamh ar an scríbhinn seo thuas, nach bhfuil? Comhgháirdeas! Ní baol duit do chuid karma sna saolta uilig atá romhat anois! Seo agat an banna ó Tertön Migyur Dorje:

Na daoine a fheiceann an scríbhinn seo, ní fhulaingeoidh siad na trí dhomhan is ísle agus beidh siad saor ón eagla sin; beidh siad glan ó na cúig nimh agus beidh siad saor óna gcuid karma; agus ní bheidh eagla orthu roimh fhanacht i samsara.

Dála an scéil, ná bí buartha nach féidir leat an scríbhinn seo a léamh. Ní deir sí dada. Tá sí cosúil leis an aibítir Thibéadach, ach níl ann ach... bhuel... draíocht.

Bíodh lá deas agat. :-)

7 comments:

  1. Mo lása ag tarraingt chun tráthnóna, agus sibhse ag éirí. Cén baol atá le samsara? Nó an baol dom charma an cheist?

    ReplyDelete
  2. Baol ar bith leis an gcárta "Get Out of Jail Free" seo! Cluiche cosmach Monopoly is ea saṃsāra.

    ReplyDelete
  3. Tá an scríbhinn an-deas agus cuma stíleach ar an gcló.
    Cén áit a chonaic tú é, a Dennis? Ar fógra déanta d'adhmad? Nó ar píosa éadaigh?

    ReplyDelete
  4. Tá sé ar fáil anseo:

    http://www.palyulproductions.org/html/postcards.html

    Ach is anseo a chonaic mé ar dtús é:

    http://www.omniglot.com/blog/?p=1281

    ReplyDelete
  5. Ná habair é. El placer (pléisiúr) es mío! ;-)

    ReplyDelete
  6. Aire,
    Tá sé seo eolas do na daoine go léir a bhfuil suim acu mar chuideachta phríobháideach iasacht san Iodáil, cuirimid amach iasachtaí ag ráta úis íseal de 3% ar aon duine ar spéis.
    Cuirimid thíos na seirbhísí seo a leanas:
    Gnó iasachta
    Pearsanta Iasacht
    Auto Iasacht
    Aon iasacht eile
    Cuirimid ó 5,000.00 euro go 20 million euro, go tromchúiseach daoine minded.
    Déan teagmháil linn anois má tá suim agat.
    Teagmháil r-phost: langford_inccapitalhouse@live.com

    Go raibh maith agat
    TUas Langford

    ReplyDelete