Tá clú ar na hIndiaigh Zuñi (A:shiwi ina dteanga féin) in Iardheisceart Mheiriceá as na feitisí beaga a shnoíonn siad as clocha. Bhain na fir úsáid astu ina gcultúr féin sa chéad dul amach le go mbeadh rath orthu i bhfiagaíocht. Bhí ráchairt orthu i measc Indiach ó thréabhanna eile sa dúiche sin freisin, agus ó na seachtóidí i leith, i measc daoine nach iad a thosaigh á gceannach agus á gcnuasach mar “ealaín folk”.
Shíl na Zuñi riamh go raibh neart ar leith in aon chloch a fuair siad a raibh cuma an ainmhí le feiceáil inti cheana féin, gan a lán oibre a dhéanamh uirthi. Chuir antraipeolaí amháin natural concretion fetish mar ainm ar a leithéid. Is dóigh liom gur féidir acheiropoieton, m'fhocal nua, a chur air freisin. Séard atá sa phictiúr thuas ná lincse nó cat fiáin ón naoú haois déag. Tá iolar sa chéad phictiúr eile anseo. Is léir go ndearnadh cúpla gearradh ar an gcloch leis an íomhá a thabhairt amach:
Tá an snoí ar an mbéar seo ó lár an fichiú haois déag an-simplí fós. Tá ceann agamsa an-chosúil leis seo a rinneadh as píosa aolchoinnil:
Ach tá an dá bhéar seo, a snoíodh le déanaí, i bhfad níos sofaisticiúla:
Ní fheicim an cat fiáin sa chéad phictiúr, ach feicim iasc!
ReplyDeleteTá saghas "foclóir íocónach" ag baint leis na feitisí seo. Bíonn corp fada agus ceann réasúnta beag ag an gcat fiáin i gcónaí de réir an fhoclóra seo. Tá an corp, an ceann, agus an dá chluas (ar éigean) le feiceáil sa chás seo.
ReplyDeleteCuir neasc ar: www.catholicheritage.blogspot.com le do thoil
ReplyDelete