15 Iúil 2009

na scamaill is airde


Tá siad timpeall is 50 míle os cionn an talaimh. Feictear díreach tar éis dul faoi na gréine iad sa samhradh in áiteanna lastuaidh den chaogú líne dhomhanleithid (50N) nuair a bhíonn an spéir glan. Scamaill oíchelonracha a thugtar orthu. Joseph Marsh a thóg an grianghraf seo aréir anseo i Seattle:


Agus is é John C. McConnell a thóg an ceann seo i Maigh gCabraí i gCo. Aontrama ar an 4ú lá den mhí seo caite:


4 comments:

  1. Chonaic mé na scamall sin aréir agus mise is m'fhear ar shiúl míle ar Taylor Dock i mBellingham.
    Ag a leathuair i ndiaidh a deich a chlog bhí spéir dhearg san iarthar fós os cionn na farraige. Seo pictiúr den Dock. Ní mise a thóg é.
    http://summitfamily.files.wordpress.com/2009/02/img_5685.jpg

    Is féidir bad farantóireachta a fheiceáil sa phictúir. Tá an bad lonnaithe san áit sin le cúpla bliana; níl a fhios againn cén fáth. Aréir, bhí gach solas leictreach sa bhad ar lasadh

    ReplyDelete
  2. Tá rud suimiúil eile sa phictiúr den Dock. Feicfidh tú cloch san uisce ar an taobh clé. Na blianta ó shin, bhí foirnéis de mhonarcha cannadoireachta san áit agus d'fhág sé carn miotail san uisce. Deirtear gur sinc é.

    ReplyDelete
  3. Áit dheas le haghaidh siúlóide, gan dabht. Ach cén fáth a dtugtar "dock" air? Ní féidir bád a chur i nduga in aice leis an méid de atá le feiceáil sa phictiúr.

    ReplyDelete
  4. Ar suíomh na cathrach thíos, feicfidh tú griangraf tugtha ó eitleán. Tá duga beag ag an gcoirneál.


    http://www.cob.org/government/departments/parks/projects/taylor-dock.aspx

    ReplyDelete