09 Iúil 2009

ó “cruento” go “cró” agus níos mó


Tá mé ag léamh an úrscéil El Juego del Ángel le Carlos Ruiz Zafón anois díreach. Tháinig mé trasna ar fhocal ann an lá cheana a phreab den leathanach:

-¿Le parece justo que dos hombres mueran de ese modo?

-¿Un modo menos cruento le parecería más aceptable?

Focal neamhgnách i Spáinnis é “cruento”. Ciallaíonn sé “fuilteach”. Chuir sé “cró” na Gaeilge (“crú” na Sean-Ghaeilge) i gcuimhne dom láithreach bonn. Chuaigh mé caol díreach chuig an tseilf a bhfuil na foclóirí uirthi, ar ndóigh.

Fuair mé scéal sách suimiúil -- don duine a bhfuil spéis aige i dteangeolaíocht stairiúil, ar aon nós -- i measc na leabhar. Tá gaol gar -- gaol fola, is féidir a rá -- idir "cró/crú" agus "cruento" ceart go leor. Tháinig “cruento” ón bhfocal Laidine “cruor”, focal a chiallaíonn “fuil dhoirte”. Tá an bhrí chéanna le “crú/cró” se'againne, .i. “gore”.

Ach ní ón Laidin a fuair muid an focal sin. Is focal ársa Ind-Eorpach é atá le fáil i dteangacha eile freisin, mar atá an Ghréigis “κρέας” (feoil) agus an tSanscrait “krūraḥ” (amh, fuilteach). I measc na dteangacha Ceilteacha, tá “crau” ag na Breatnaigh, cé gur focal seanda anois é, mar atá “cró” i nGaeilge an lae inniu. Díorthadh iad seo uilig ón bhfréamh Ind-Eorpach *kréuh₂ = feoil amh, fuil.

Cé go bhfuil a lán focal eile in úsáid sna teangacha Ind-Eorpacha anois (blood, fuil, sangre, αίμα, gwaed, etc.), tá an focal seo, “cró” agus a ghaolta, níos sine ná na cinn eile. Mar a dúirt Vendryes, “il n'est pas sans intérêt de constater qu'il se rapporte au sang versé au combat ou dans le sacrifice” (“is díol suntais é go bhfuil baint aige seo leis an bhfuil a doirteadh i gcath nó in íobairt”).

6 comments:

  1. Iontach suimiúil. An bhfuil baint ag na focail "croí, coeur, cuore, corazón etc." leis an bhfréamh céanna?

    ReplyDelete
  2. Mura bhfuil baint acu lena chéile sa teanga, tá ar bhealaí eile, muise!

    ReplyDelete
  3. Níl, a Ormondo. Rinne mé cur síos ar an bhfocal sin i bhfad ó shin anseo: http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/donncha/focal/focal014.html

    Ag smaoineamh mar Chormac atá tú, a Áine!

    ReplyDelete
  4. Cormac Mac Cuileannáin, a saoi a bhí taobh thiar den chnuasach a dtugtar Sanas Cormaic air. Is minic a chleacht seisean sanasaíocht den chineáil sin, ag fáil nascanna idir focail ar chúiseanna neamh-theangeolaíocha. Mar shampla:

    267. cride .i. don crith forsa mbí.

    = croí .i. den chrith a mbíonn air.

    Táimse an-cheanúil ar Chormac. :-)

    ReplyDelete
  5. SanasÁine a thabharfar ar mo chnuasachsa...:-)

    ReplyDelete