08 Iúil 2009

Google vs. Bing arís

Tharraing mé Bing anuas mar ábhar plé cúpla seachtain ó shin. Ní raibh an chuid is mó agaibh an-tógtha leis. Bhí alt ar an New York Times inniu a chuir an dá inneall cuardaigh seo i comparáid arís. Creideann an t-údar:
  1. go bhfuil Bing an-chosúil le Google, ach beagán níos fearr;
  2. go gcoinneoidh a lán daoine orthu ag úsáid Google toisc go bhfuil sean-aithne acu air; agus
  3. go n-athróidh Google go luath le go mbeidh na buntáistí atá ag Bing anois aigesean freisin, .i. beidh coimhlint reatha ar siúl acu beirt as seo amach, rud a bheas go maith dúinne.
Tig leat triail a bhaint astu agus na torthaí a fheiceáil taobh le taobh ag bing-vs-google.com.

4 comments:

  1. Caithfear a admháil, tá na torthaí ó Bhing níos fearr!

    ReplyDelete
  2. Dar liomsa, an bua ag Bing de 5%.

    ReplyDelete
  3. Ach... an mbeidh sibh ag úsáid Bing in áit Google as seo amach? Tá mé féin fós i measc na ndaoine a luaitear in uimhir a dó thuas.

    ReplyDelete
  4. D'athróinn dá mbeadh gá leis, ach níl gá leis, fós ar aon nós...

    ReplyDelete