13 Meitheamh 2011

quiz sciobtha


Cliceáil le méadú.

Cén teanga í seo in aice leis an bhFraincis?

19 comments:

  1. Walloon, bfhéidir??
    (Bhálún sa Ghaeilge?)

    ReplyDelete
  2. @ Liz - Ní Walloon (Valúinis?) í.

    ReplyDelete
  3. @ Proinsias - Ní hea. Tá an Chorsaicis an-chosúil leis an Iodáilis, ach is “saghas Fraincise” atá sa teanga seo.

    ReplyDelete
  4. @ Brian - Ní hea. Ach tógadh an grianghraf seo sa Fhrainc.

    ReplyDelete
  5. Hmm teanga Rómánsach atá ann ar aon nós!

    Ceann díobh seo :-P

    ReplyDelete
  6. Tá sí ar an liosta sin, ceart go leor, a Bhriain.
    :-)

    ReplyDelete
  7. Bingo! Tá an fógra seo le feiceáil sa mheitreo in Rennes.

    ReplyDelete
  8. Caithim a admháil nár chuala mé trácht ar an nGallo riamh cheana. Ach feicim inniu go bhfuil alt faoi san eagrán is déanaí don International Journal of the Sociology of Language, le John S. Nolan. Déanann sé cur síos ar an teanga i gcomhthéacs 'fuaiscailt teanga'.

    ReplyDelete
  9. Emmmmmh, deacair a rá. Is cosúil nach bhfuil uachtarán, rialtas ná bunreacht na Fraince go mór i bhfábhar na mionteangacha ó thaobh aitheantais, tacaíochta agus polasaithe teanga de, ach is léir ón alt go bhfuil dul chun cinn beag déanta acu stádas na teanga a ardú. Léiríonn an t-alt go nglactar leis anois sa bhFrainc gur rud dearfach é an dá/il-teangachas ó thaobh an oideachais de, agus tá cearta oideachais áirithe á fháil sna ceantracha mionteangacha, cosúil leis an nGallo, dá bharr.

    ReplyDelete
  10. I bhfocail eile, tá sé sábháilte beagán tacaíochta a thabhairt dóibh anois agus iad beagnach marbh.

    ReplyDelete
  11. B'fhéidir é. Muna bhfuil teacht ar an t-irisleabhar sin agat id ollscoil, d'fhéadfainn cóip leictreonach a sheoladh chugat.

    ReplyDelete
  12. GRMA. Níor mhiste mé an t-alt a fheiceáil. Tig leat é a chur chuig donncha1 aig q.com.

    ReplyDelete