01 Meitheamh 2011

leagan amach úrnua


Seo dhá ghriangraf de leabhar a cheannaigh mé i bPáras cúpla lá ó shin san ollsiopa leabhar FNAC. 11€ a bhí air. Ní fhaca an tsraith teilifíse Dexter riamh, ach bhí mé ag smaoineamh gur cheart dom triail a bhaint as ceann de na leabhair a chuir tús léi. Aistriúchán Fraincise den chéad úrscéal, Darkly Dreaming Dexter, is ea é seo. Chuir leagan amach an leabhair ionadh agus áthas orm. Ní raibh rogha ann. Bhí orm é a cheannach!





Agus seo é an físeán a chuir an foilsitheoir suas ar YouTube. Mínítear an leagan amach nua seo sna téarmaí céanna a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar gadget leictreonach ar nós iPadKindle.




Voici comme on l'ouvre.
Là, vous pouvez lancer la lecture,
sauter un chapitre,
ou même revenir en arrière,
mettre en pause.
Si vous voulez zoomer, il y a une application pour ça.
Si vous voulez repartager avec un ami, il y a aussi une application pour ça.
En effet, il y a une application pour presque tout, et partout.

3 comments:

  1. Iontach cliste! Is maith liom é.

    ReplyDelete
  2. Cad é an buntáiste is mó a bhaineann leis, dar leat?

    ReplyDelete
  3. @ Ormondo -

    Gur féidir greim a choinneáil air go héasca le lámh amháin, agus toisc nach bhfuil an ceangal righin ag droim an leabhair, gur féidir é a choinneáil lánoscailte gan dua. Ach tá an dara lámh ag teastáil fós leis na leathanaigh a chasadh. Rud eile: toisc go bhfuil sé sách beag (8X12cm), téann sé isteach i bpoca ar bith go héasca. Ach, le fírinne, is é a úire is mó a thaitin liom!
    ;-)

    ReplyDelete