03 Meitheamh 2011

ealaín nua-aimseartha


cliceáil

Seo cárta poist a cheannaigh mé ag an Centre Pompidou i bPáras. Tig leat tic a chur sa bhosca is mian leat:

Séard atá in ealaín an lae inniu ná:

▢ rith ábhalmhór a dhéanamh le léim bhídeach, ach doshéanta, a bhaint amach

▢ do nideog féin a aimsiú agus ansin a bheith ag tafann chomh luath is a thagann duine ar bith id ghaobhair

▢ snámh chomhuaineach a dhéanamh id aonar

8 comments:

  1. Bhí rud éigin le rá ag Myles tráth faoi 'modern art' agus nach raibh a leithéid ann. Cosúil dearthóir an chárta a bheith ag aontú leis.

    ReplyDelete
  2. Ní cheannaím cártaí poist níos mó anois, toisc nach gcuirim chuig éinne anois iad, ach bhí orm eisceacht a dhéanamh sa chás seo. Leag cibé a scríobh an cárta seo a mhéar air, faoi thrí!

    ReplyDelete
  3. An dara ceann, faraor, i bhfad rómhinic.

    ReplyDelete
  4. Cén fáth nach gceannaíonn tú cártaí phoist? Cuireann sé sin isteach orm :(

    ReplyDelete
  5. @ Néidí - Toisc go bhfuil ríomhphost, FB, agus an blag seo agam. Cuirim cárta poist chuig cara ó am go ham le GRMA a rá leis as dinnéar deas nó rud éigin mar sin. Tá bosca agam atá lán díobh. Níl níos mó spás ann! (Le fírinne, cheannaigh mé dhá chárta poist sa Fhrainc. Cuirfidh mé an ceann eile chugat má chuireann tú do sheoladh chugam, mar theachtaireacht FB.)

    ReplyDelete
  6. Fáilte ar ais, Dennis.

    Caithfidh mé machnamh a dhéanamh ar an gcárta seo. Ní thuigim an chéad cheann go beacht. Tá 'mais incontestable' níos sothuigthe ná 'ach doshéanta a bhaint amach' dar liomsa, cé nach raibh ach aon rang Fraincise agam sa choláiste.

    Maidir le "ealaín an lae inniu" is maith liom é ó ham go ham, ach níl sé maith i gcónaí.
    Mar shampla, an bhfuil barúil agat ar an dealbh sa Seattle Art Museum ag barr an staighre? Bean lomnocht ina suí ar leaba agus í ag cur uirthi a fo-bhríste? Ní ealaín é sin, dar liomsa. Agus i Dallas, chonaic mé pianó mór a bhris duine ina phíosaí beaga agus chaith prátaí thart air. Dul amú uafásach den phianó agus de na prátaí chomh maith.

    ReplyDelete
  7. @ Liz - :-) (an pianó is na prátaí)

    Tá 'mais incontestable' níos sothuigthe ná 'ach doshéanta a bhaint amach' dar liomsa, cé nach raibh ach aon rang Fraincise agam sa choláiste.

    Ba cheart dom cúpla camóg a chur ann:

    rith ábhalmhór a dhéanamh le léim bhídeach, ach doshéanta, a bhaint amach

    Déanfaidh amhlaidh anois sa téacs thuas.

    ReplyDelete