11 Meitheamh 2011

Cluasach?


Ní hea. “Cluasach” an focal atá ag focal.ie ar “dog-eared”. Ní madra a rinne an damáiste seo ach cat. Is breá le Michael clúdaigh a chreimeadh, mar seo:


D'fhág mé an leabhar ar an leaba ar feadh uair a chloig agus ... voilà.


Ach ... d'ordaigh mé iPad2 cúpla lá ó shin. Beidh léitheoir leictreonach agam faoi dheireadh! Tá mé ag súil go mór le saol úr saor ó pháipéar!* Ar an dea-uair dom, tá an Seattle Public Library sásta fós mo chuid seanleabhar a ghlacadh le haghaidh an díola mhóir bhliantúla a bhíonn acu.

* Óicé, ní saor ar fad ó pháipéar, ach le níos lú de á charnadh suas chuile áit.

13 comments:

  1. Ni dóigh liom go mbainfidh Michael an... ahem t-adhmad céanna as an iPad2.

    ReplyDelete
  2. Tá léitheoir leictreonach agamsa, Dennis, ach is fearr liom leabhar fíor i mo lámha go fóill.
    Ach tá rud amháin deas -- is féidir leabhair leictreonacha a fháil ón leabharlann phoiblí saor in aisce. Agus níl ort iad a thabhairt ar ais go dtí an leabharlann. Tugtar ar ais iad go huaoibhríoch ag deireadh na dá sheachtaine.

    ReplyDelete
  3. An é nach dtuigeann tú, a Dennis - níl déanta ag Micheal ach an leabhar nua a bhaistiú duit!

    Is beannaithe muid i gcomhluadar na gcat...

    ReplyDelete
  4. Agus, tabhair faoi deara, a chara, gur 'catach' an focal Gaeilge ar dog-eared...:-)

    ReplyDelete
  5. Coinnigh an cat amuigh sa gháirdín. Ní aon áit é an tigh le haghaidh peataí.

    ReplyDelete
  6. an leabhar nua a bhaistiú duit!

    Nó é a bhlaiseadh dó féin?

    catach' an focal Gaeilge ar dog-eared

    Ní raibh a fhios agam! Is fearr liom “catach” ná “cluasach”.

    ReplyDelete
  7. @ Míshásta

    Tá an iomarca airgid ann anois, idir bhia agus táillí an tréadlia is eile, len é a choinneáil amuigh sa gháirdin. Dhéanfadh coyote béile de faoi cheann ráithe!

    ReplyDelete
  8. Beidh an “fíorleabhar” ann i gcónaí, ach is mar objet d'art is mó a bheas sé ann roimh i bhfad. Cuirfear i dtoll a chéile go cúramach é: an téacs ceart, an páipéar ceart, an cló ceart (cló litirphreasa, ar ndóigh), an leagan amach ceart, an clúdach lámhdhéanta ceart, etc.

    ReplyDelete
  9. awwwww! Is é an teach an ait do pheataí, a mhíshasta! Cuma an itheann siad obair bhaile nó Terry Pratchett (bain sult as, a Dennis). Agus tabhair rud éigin le hithe don chat sin agatsa.

    ReplyDelete
  10. A Mhise Áine,
    Dia go deo leat ach nuair a bhí mise ar scoil sé foilt na ngirseach a bhí catach agus cluasa na gcóipleabhar a bhí cluasach, cé nár séanadh nach raibh siad catach fosta.

    Fearn

    ReplyDelete
  11. Tá an ceart agat, a Fhearn.

    Ní raibh uaim ach an focal 'catach' a thabhairt do Dennis, ó tharla an focal 'cat' istigh ann, an dtuigeann tú ;-)

    ReplyDelete
  12. Tuigim thú, Áine,
    Uaireanta glacann daoine an dáirire in áit an tsúgradh, ach thug an focal "cluasach" laetha na bunscoile ar ais im cheann. Is fada an lá ó chuala mé an focal seo!!


    Fearn

    ReplyDelete