10 Meitheamh 2011

ceist íomhá?


Is cosúil go bhfuil beirt san iomaíocht anois don phost is airde san IMF: Augustín Carstens ó Mheicsiceo, agus Christine Lagarde ón Fhrainc.


Tá cáil ar an IMF as a dhéine is atá siad ag déileál leis na tíortha a fhaigheann airgead ar iasacht uathu. Cuirtear ar aiste bia na tíortha sin agus sin sin.



Más é fáisceadh an chreasa an rud a bhíonn ón IMF i gcónaí, ar cheart don oideas seo a theacht ó fhear ramhar nó ó bhean sheang? Do bharúil?

7 comments:

  1. Is cuma sa tsioc faoin gcorp chomh fada is atá inchinn ina gcinn acu, bíodh sé ramhar nó seang.

    Deirtear go bhfuil beart i gcónaí idir Mheiriceá agus an Eoraip go gcoinneofar Eorpach ar bharr an IMF agus Poncánach ar bharr an Bhanc Domhanda. Cloisim go bhfui dúil ag Hilary Clinton sa dara ceann anois.

    ReplyDelete
  2. Ha, tá mo dhuine thuas ramhar agus baol báis cardashoithíoch ardaithe aige dá réir.

    ReplyDelete
  3. chomh fada is atá inchinn ina gcinn acu, bíodh sé ramhar nó seang

    Is fíor duit... go teoiriciúil.

    ReplyDelete
  4. baol báis cardashoithíoch ardaithe

    An t-ábhar dochtúra ag caint anseo!
    :-)

    ReplyDelete
  5. Thiocfadh sé ní ba fhearr leis an gcóras mar atá sé dá dtiocfadh sé ó fhear ramhar.

    ReplyDelete
  6. Bheadh na cartúnaithe sna nuachtáin níos sásta le fear ramhar!
    ;-)

    ReplyDelete
  7. Bíonn crios teann ag fear ramhar cheana féin; ar an ábhar sin d'fhéadfá a rá gur dea-shampla buan a bheadh ann, fiú amháin mura ndéanfadh sé faic eile.

    ReplyDelete