08 Deireadh Fómhair 2009

WTF?


mír baininscneach, blúire, giota

iarmhír baininscneach, earaball beag le focal, suffix

réimír firinscneach, siolla a chuirtear ag tús focail lena bhrí a athrú, prefix

Cén committee a dhear an teanga seo?!?


7 comments:

  1. Bhabh! Sin ceann nach raibh ar eolas agam! Ach tá committee eile ag obair in áit éigin. "Réimír" bain. 2 ar focal.ie anois.

    ReplyDelete
  2. Sonas orthu! Actually, feicim anois go bhfuil “réimír” baininscneach in De Bhaldraithe agus in An Foclóir Beag freisin, bail ó dhia orthu. FGB an t-éan corr. Earráid shimplí?

    ReplyDelete
  3. Dá dhéine teanga is féidir i gcónaí cor (nó éan corr) de bhreis a chur leis an scéal de réir dealraimh - cé go bhfuil an fhadhb thuas fuascailte agaibh arís!

    Léigh mé áit éigin gurbh iad na Lochlannaigh a chuir an ruaig ar na hinscní sa Bhéarla tráth a rabhadar siúd i bhfeighil na teanga, mar a déarfá. Ní fheadar ar chóir dúinn leacht cuimhneacháin a thógáil le hurraim don éacht siúd?

    Mar is eol tá an der-die-das le sárú ag an bhfoghlaimeoir sa Ghearmáinis (agus, faoi mar a thugaim faoi ndeara uaireanta, ag an cainteoir dúchas freisin!). Agus níl na rialacha i gcónaí chomh rianúil le clú na nGearmánach fhéin.

    die Kenntnis - fios, eolas
    die Erkenntnis - aithne, eolas
    ach
    das Bekenntnis - admháil, dearbhú

    Agus an ceann ilinscneach seo:

    das Band - crios, banda srl.
    der Band - imleabhar
    die Band - banna ceoil

    ReplyDelete
  4. Botún cló i bhfoclóir Uí Dhónaill, cinnte!

    ReplyDelete
  5. @ Ormondo - Maidir le das/der/die Band, tá an cleas céanna ag na Francaigh, m.sh. le poêle = an sorn; la poêle = an friochtán. Ní dóigh liom go bhfuil aon rud mar sin againne.

    Maidir leis na Lochlannaigh agus an tionchar a bhí acu ar an mBéarla, ar na hiarmhíreanna agus a n-easpa, pléann John McWhorter é sin ina leabhar beag Our Magnificent Bastard Tongue (2008).

    @ Kevin - Tá ceann nó dhó eile ann, m. sh. céiliúr le é fada sa cheannfhocal, cé go bhfuil sé ceart, .i. gairid, san iontráil féin.

    ReplyDelete
  6. Agus sa Ghaeilge:

    an aire (bain.) = attention
    an t-aire (fir.) = minister

    Ceapaim gur mór an seans go n-aimseofá a leithéid i ngach teanga inscneach.

    ReplyDelete