13 Deireadh Fómhair 2009

rann eile ón Leabhar Breac






Cipe bess hi manistir
no i comthinol cert;
na díbed na tormaiged
a riagail no a recht.

Seo rann imeallach eile ón Leabhar Breac (lch. 234). Tá mé in ann Nua-Ghaeilge a chur air gan mórán dua. Tá an scríbhinn soiléir agus níl an ghramadach casta. Sampla deas is ea é den mheadaracht (7³ 5¹ 7³ 5¹) a bhfuil an t-ainm taibhseach cró cummaisc etir casbairdni ocus lethrannaigecht móir air. Ach ní dóigh liom go dtuigim céard atá á rá aige dáiríre:

Cibé a bheas i mainistir
nó i gcomhthionól ceart;
ná biodh laghdú nó méadú
ar a riail nó a reacht.

An bhfuil míniú ag aon duine agaibh?


9 comments:

  1. Fuair mé dearcadh eile ar an rann seo ó Neil McLeod ar an liosta OIL anois díreach. Is féidir na díbed na tormaiged / a riagail no a recht a léamh le a riagail no a recht mar chuspóir; nó leis an gcuspóir “i bhfolach” sna briathracha, .i. may he not diminish, may he not increase. Feictear dom go luíonn an dara léamh le réasún:

    nár laghdaí sé, nár mhéadaí sé
    a riail nó a reacht
    (.i. riail nó reacht na mainistreach).

    ReplyDelete
  2. Níl a fhios agam cad é an míniú, ach liomsa ar aon nós (n'fheadar mé cad atá cearr liom) bím ag ceapadh gur rud éigin a bhaineann le gnéas atá i gceist i gcónaí!!!

    Blagmhír iontach dála an scéil, is breá liom é.

    ReplyDelete
  3. Leagan eile de 'ná bris nó is ná déan nós', b'fhéidir.

    Cuireann rann eile i gcuimhne dom - agus táim ag brath ar mo chuimhne anseo:

    Má bhíonn tú i dteach na mbráithre,
    Bí leo go sona sásta;
    Ná tabhair aon ní dóibh,
    Is ná hiarr aon ní orthu.

    ReplyDelete
  4. An bhfuil macalla de "cibé áit a bhfuil beirt nó triúr cruinnithe i m'ainm" le cloisint ann?

    ReplyDelete
  5. Nuair atá tú sa Róimh... a ritheann liomsa.

    ReplyDelete
  6. 'ná bris nó is ná déan nós' Sin agat é.

    Scríobhtar "nó" go minic le nod: l le líne bheag tríd. Baineadh úsáid as ar dtús le "vel" na Laidine a scríobh. Féach Notae and Suspensions.

    ReplyDelete
  7. Cheapfainn féin gur 'ná bris nós is ná déan nós' atá i gceist ag Cailliomachas.

    Sí mo cheist ná céard is 'comhthionól ceart' ann, i bhur dtuairim?

    ReplyDelete
  8. Is fíor duit, a Áine. Déanta na fírinne, níor thug mé faoi deara go raibh an 's' in easnamh ansin. Feiceann an tsúil an rud a bhfuil súil aici leis!

    An dara sainmhíniú in FGB s.v. comhthionól atá i gceist anseo, mura bhfuil dul amú orm: 2. Ecc. Community. Is é sin le rá, “muintir" mar atá in Muintir Bhríde, Muintir Phádraig.

    ReplyDelete