06 Deireadh Fómhair 2009

amhras agus contúirt




Is léir ó stair na bhfocal seo, “amhras” agus “contúirt”, gur shíl na daoine a tháinig romhainn go raibh sé dainséarach a bheith neamhcinnte, go háirithe i gcúrsaí creidimh.

Nua-Ghaeilge: amhras = dabht, easpa cinnteachta

Sean-Ghaeilge: amaires = neamhchreideamh, easpa creidimh
  • am- = réimír diúltach
  • ires (iris) = reiligiún, creideamh, True Faith
Nua-Ghaeilge: contúirt = dainséar, baol

Sean-Ghaeilge: cuntabart = dabht, neamhchinnteacht, mearbhall

Bhí an nath trífhoclach seo acu:

Ferr astud amairis.
Tá cinnteacht níos fearr ná dabht.

Chiallaigh “astud” fixing, establishing ag an am sin. Tá sé againn fós, sa riocht “fostú”. Dá ndéantaí an nath seo a aistriú go Gaeilge an lae inniu beag beann ar an athrú céille, chuirfeadh sé smaoineamh nua-aimseartha in iúl, mar atá “tá fostú níos fearr ná amhras”!

Ach is fearr liom an seanfhocal seo droim ar ais:

Ferr amaires astud.
Tá amhras níos fearr ná deimhneacht.

4 comments:

  1. Go leor dabht againn sa tír seo na laethanta seo, a Dennis, agus tá amhras orm go mbeidh mearbhall orm ag éisteacht leis an neamhchinnteacht agus easpa deimhneachta atá ag teacht ón rialtas maidir le costais na bpolaiteoirí...:-)

    ReplyDelete
  2. Go han-deas an méid san - agus é ag teangmháil le doimhne na fealsúnachta.

    Is é an creideamh múinteoir na cinnteachta, an taithí múinteoir an amhrais.(?)

    ReplyDelete
  3. Is breá liom an ogham sa ghrianghraf. An-ealaíonta, na línte lár ach go háirithe.

    ReplyDelete