Tá an chéad leathrann le feiceáil san íomhá thuas: cuid de leagan amháin de, le bheith cruinn, agus cuid de leagan eile. Scríobh duine éigin -- ní Murchadh Riabhach Ó Cuindlis, scríobhaí na LS féin -- an rann seo san imeall uachtarach ar leathanach 41 i lámh chiotach. Níos déanaí rinne duine éigin eile, fear a raibh peannaireacht níos fearr aige, cóip den rann os a chionn. Is maith an rud é go ndearna, mar tá cuid den chéad leagan doléite anois. Is maith liom fealsúnacht an fhile: “ní raibh mé ann, tá mé ann anois, ní bheith mé ann arís roimh i bhfad.” Cuireann sé seo Coheilit sa Sean-Tiomna i gcuimhne dom.
Do bhí mise gan bheith ann.
Gar dom am gan bheith arís.
Deimhin liom go dtiocfaidh an bás.
Ní deimhin liom cá tráth tís.
Go deas...
ReplyDeleteTá "tiocfaidh" sa tríú líne agus is réasúnta cinnte anois gur foirm den bhriathar céanna atá againn san fhocal deiridh den cheathrú líne, "tís", bíodh is nach cuid chaighdeánach den teanga é. Féach, mar shampla, na foirmeacha "tig" ("tagann") agus "go dtí" ("go dtaga"). Fuair mé sampla amháin eile den fhoirm seo sa scéal Aidedh Ferghusa ~ Oidhe Fhearghusa:
ReplyDelete"tinn-cenn tís ó a dhúil" .i. is tinneas cinn a thagann / a thiocfaidh ó a dhúil
Tá mé ag obair air seo go fóill.
Is féidir "tís" a aistriú mar "you might come" gan dua dá laghad, ach níl mé ró-chompordach leis an athrú ó "tiocfaidh an bás" go "tiocfaidh tú" -- is é sin, an file a bheith ag cur cainte ar an mBás go tobann.
ReplyDelete