01 Deireadh Fómhair 2009

la soupe du jour



Fíorscéal

mo chara: Cad é an t-anraith inniu?

an freastalaí óg: Níl a fhios agam, ach gheobhaidh mé amach.

an freastalaí óg, ar ais arís: Soup du jour é an t-anraith inniu.

mo chara: Soup du jour! An t-anraith is ansa liom! Beidh sé agam!

5 comments:

  1. An scéal fíor é seo, a Dennis?

    Chuir sé i gcuimhne domsa an lá a chuaigh go Barnes and Noble ar lorg "an t-Iliad". Chuaigh go dtí an cabhantar agus chuir ceist ar an bhfear --

    "Cá bhfuil an t-Iliad"

    Seisean (os comhair ríomhaire) -- "Cé hé an duine a scríobh é"

    Mise -- "Homer"

    Seisean -- "Cad is sloinne dó?"

    Bhí ionadh orm agus dúirt "Ní raibh sloinne aige. Ba Gréagach é!"

    ReplyDelete
  2. Céad faoin gcéad fíor, a Liz. Tharla sé i mBozeman, Montana, tríocha bliain ó shin. Bronwyn Bowen a chuir an cheist.

    ReplyDelete
  3. Scéal eile atá fíor: Bhí duine de mo lucht aitheantais ag tabhairt cuairte ar Bhaile Átha Cliath agus bhí sé ag fanacht in óstán. Sula ndeachaigh sé ag spaisteoireacht an chéad lá, bhreac sé síos ainm na sráide, ar eagla go rachadh sé amú. Ag deireadh an lae agus é ar tí dul ar ais chuig an óstán, fuair sé tacsaí agus d'iarr sé air é a thabhairt go dtí an tsráid sin. Ach cén t-ainm a bhí scríofa aige? "Cul de Sac".

    ReplyDelete
  4. Chuala mé scéal cosúil leis ón nGearmáin. An tÓstán "Zimmer Frei" a bhí á lorg acu...

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh as na scéalta sin!

    ReplyDelete