Cuid a dó de “Tá slaghdán orm” é seo.
Is féidir a rá i mBéarla go ngearrfaidh galar éigin, fliú na muc mar shampla, a swath through the population. Níor chuala mé an cliché sin i nGaeilge riamh. Ach is léir go raibh an meafar sin beo in intinn ár sinsear na céadta bliain ó shin. Bhí an focal slaet acu ar shraith féir nó arbhair.
Tá an focal sin againn fós: slaod. Ní féar nó arbhar atá i gceist i gcónaí anois. A mhalairt ar fad. Tá slaodanna sneachta agus slaodanna gruaige ann, chomh maith le “slaod gibirise” (sa dán “An tEach Uisce” le Nuala Rua) agus “slaod meala anuas ar lochán leáite ime ar chanta aráin” i ngearrscéal le Biddy Jenkinson.
Ach bhí ciall eile le “slaet”, mar atá “galar”, .i. rud éigin a leag na daoine mar a leagfadh spealadóir an t-arbhar. Chuir siad an iarmhír -án leis an bhfocal de ghnáth. Níl a fhios agam cén fáth. Slaetán, slaedán, slaodán, agus faoi dheireadh slaghdán an litriú a cuireadh air. Ní minic a mharaíonn slaghdán éinne, ach is spealadóir fós é a leagann daoine ar lár ina slaodanna.
An bhfuil fliú agat??
ReplyDeleteIs féidir an fliú a chur faoi smacht sa chluiche seo:
http://www.thegreatflu.com/
Chonac mír nuachta aréir ó na stáit, bhí daoine ag fáil vacsaíniú in aghaidh an fhliú i siopa mór! $20 a bhí air, margadh maith a bhí ann de réir dealraimh. Is dóigh go bhfuil sé ródhéanach duitse anois an vacsaíniú sin a fháil.
ReplyDeleteBleachtaireacht bhreá ar an bhfocal slaghdán ;)
An den aicme chéanna an focal "slad"? Bheadh ciall leis ó thaobh bhrí an fhocail de -- cé go dtuigim an dainséir a bhaineann le "folk etymology".
ReplyDeleteTuairisc shuimiúil, a Dennis. Go raibh maith agat.
ReplyDelete@ CD - Is cosúil nach bhfuil slad i ngaol le slaod. Bhí O'Rahilly den tuairim gur tháinig "slat" (an litriú Sean-Ghaeilge, = /slad/) ón mbriathar "slaidid" (= buaileann, /slaδ’iδ’/) agus gur athraigh an consan deiridh faoi anáil na bhfocal "gat" /gad/ agus "brat" /brad/.
ReplyDelete