04 Deireadh Fómhair 2009

néaladóireacht



Dúirt Áine Dé Domhnaigh, “Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.” Chuir an abairt seo abairt eile faoin ngrian a scríobhadh in Éirinn níos mó ná míle bliain ó shin in In Tenga Bithnua i gcuimhne dom:

Ros·bīadh tra mōr do scēlaib atfesadh fora fecht manus·beth tenga dia rēlad.

Bheadh a lán scéalta aice a d'inseodh sí ar a turas dá mbeadh teanga aici lena ríomh.

Dála an scéil, is fíormhaith liom an focal néaladóireacht, sa chomhthéacs seo go háirithe!

1 comment:

  1. Thaitin an focal go mór liom féin, a Dennis, agus is maith liom an ghrian!ghraf...:-)

    ReplyDelete