Thug an mháthair a mac óg, cúig bliana d'aois, léi isteach sa bhanc ag am lóin. Chuaigh siad i scuaine taobh thiar de bhean an-ramhar a raibh culaith ghnó uirthi agus glaoire.
Dúirt an leaidín, agus iad ag feitheamh, “A mhamaí, tá sí ramhar!”
Chrom a mháthair agus chuir sí cogar ina chluais. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin leath an gasúr a lámha agus dúirt, “Tá a tóin chomh mór seo!”
Chas an bhean ramhar agus thug sí féachaint mhillte ar an ngasúr. Thug a mháthair leadhbairt mhaith den teanga dó agus bhí sé ina thost arís.
Tar éis tamaillín eile shroich an bhean mhór an cuntar. San am céanna thosaigh a glaoire ag BÍP BÍP BÍP-áil.
Scairt an leaidín in ard a chinn: “Rithigí, tá sí ag cúlú!!”
Na seana chinn na cinn is fearr....
ReplyDeleteÓ bhuel. Bhí sé nua domsa. Is cosúil go bhfuil mé as an lúb.
ReplyDeleteNua domsa freisin, agus maith leis ...:-)
ReplyDeleteTagann scéalta mar seo, agus imíonn siad. Mar a léirigh tú fhéin leis an triúr manach!
ReplyDelete