15 Deireadh Fómhair 2009

ualach leathan



Thug an mháthair a mac óg, cúig bliana d'aois, léi isteach sa bhanc ag am lóin. Chuaigh siad i scuaine taobh thiar de bhean an-ramhar a raibh culaith ghnó uirthi agus glaoire.

Dúirt an leaidín, agus iad ag feitheamh, “A mhamaí, tá sí ramhar!”

Chrom a mháthair agus chuir sí cogar ina chluais. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin leath an gasúr a lámha agus dúirt, “Tá a tóin chomh mór seo!”

Chas an bhean ramhar agus thug sí féachaint mhillte ar an ngasúr. Thug a mháthair leadhbairt mhaith den teanga dó agus bhí sé ina thost arís.

Tar éis tamaillín eile shroich an bhean mhór an cuntar. San am céanna thosaigh a glaoire ag BÍP BÍP BÍP-áil.

Scairt an leaidín in ard a chinn: “Rithigí, tá sí ag cúlú!!”

4 comments:

  1. Na seana chinn na cinn is fearr....

    ReplyDelete
  2. Ó bhuel. Bhí sé nua domsa. Is cosúil go bhfuil mé as an lúb.

    ReplyDelete
  3. Nua domsa freisin, agus maith leis ...:-)

    ReplyDelete
  4. Tagann scéalta mar seo, agus imíonn siad. Mar a léirigh tú fhéin leis an triúr manach!

    ReplyDelete