31 Deireadh Fómhair 2009

Oíche Shamhna i mBoulder, Colorado



The Naked Pumpkin Run a thugtar air. Tá sé an-simplí. Cuir puimcín ar do cheann agus bróga spóirt ar do chosa agus cuir díot an chuid eile. Agus rith.


Ar an drochuair, ní thaitníonn an traidisiún seo leis na péas. Tá sé ar intinn acu reathaithe lomnochta a ghabháil anocht, mar “sex offenders”. WTF?

30 Deireadh Fómhair 2009

carn noda



I Mail Conaire can chol.
Uí Maoil Conaire gan chol.

Bhain an tríú focal san abairt seo (in LS 23 P 2, f. 74v, RIA) stangadh asam! Tá an chuid eile den téacs scríofa gan noda agus tá sé an-soiléir. Ach an focal tar éis “Mail”, sin scéal eile! An litir atá cosúil le ‘c’ droim ar ais, sin ‘con’. Agus an rud atá cosúil le ‘q’ le trasnán ar an gcuid íochtarach agus ‘i’ beag os a chionn, sin ‘air’. Agus an chuid atá fágtha? Sin an litir ‘e’, creid é nó ná creid. Cuir le chéile iad agus céard a fhaigheann tú? Tour de force na nodaireachta: Conaire.

iarrthóir eile?


uachtarán ag teastáil


29 Deireadh Fómhair 2009

teachtaireacht ón nGovernator



Seo cóip de litir a chuir Arnold Swarzenegger chun Oireachtas Chalifornia an lá cheana, ag diúltú bille beag gan tábhacht a shíniú -- litir nach bhfuil inti ach callán, a déarfá ar an gcéad amharc. Ach fan go fóill. Tá an fhíor-theachtaireacht le léamh “ar an imeall”, sna céad litreacha den dara agus den tríú paragraf. An bhfeiceann tú teachtaireacht Arnold anois? Tá an scéal iomlán le léamh anseo.

28 Deireadh Fómhair 2009

Agallamh na Seanórach


Alex Gregory an cartúnaí

“Tá rud éigin mícheart anseo. Tá an t-aer glan, tá an t-uisce gan truailliú. Faigheann muid go leor aclaíochta. Ní itheann muid ach rudaí orgánacha agus saor-raoin. Ach ní mhaireann éinne níos mó ná tríocha bliain.”

Lascfar sibh an chéad uair eile.



“Níor chóir daoibh a bheith ag ithe! Inniu an Aoine. Ba chóir daoibh a bheith ag úrnaí sa mhosc!” - garda reiligiúin de chuid an rialtais áitiúil


Oileán Leodhais, Albain

26 Deireadh Fómhair 2009

an toradh “nua” is ansa liom



Actinidia arguta an t-ainm oifigiúil atá air. Tá sé cosúil leis an gkiwi, ach tá sé níos lú, níl a chraiceann guaireach ar chor ar bith, agus is dóigh liom go bhfuil a bhlas níos fearr ná blas an chíobhaí. Itear mar fhíonchaora iad. Kiwi berries a thugtar orthu anseo. Tá siad ar fáil ar an margadh lena dó nó a trí de bhlianta anuas sa Phacific Northwest. Is in Oregon go háirithe a thógtar iad. Níl seilf-ré fhada acu, agus níl siad ar fáil ach ar feadh tréimhse ghairid san fhómhar.

Tá meas ar leith agam ar thorthaí nach mbíonn ar fáil an bhliain ar fad, torthaí a bhfuil a séasúr féin acu. Peaches in the summertime, apples in the fall, if I can't have the girl I love, I won't have none at all, mar a deir an t-amhrán. Níl bheadh péitseog an tsamhraidh chomh milis ná chomh cumhra agus atá dá mbeadh sí ar fáil i lár an gheimhridh freisin. Agus... cé go bhfuil na horáistí a fhaigheann muid ón Astráil ceart go leor ó am go ham, tá ceist na coiscéime carbóin le cur san áireamh anois freisin.

25 Deireadh Fómhair 2009

éabhlóid Dé



Thiar i Mí Iúil bhí An Cás ar son Dé á phlé ag Tadhg, le Richrad Dawkins ar thaobh amháin agus Karen Armstrong ar an taobh eile, via a gcuid leabhar. Tá leabhar nua eile tosaithe agam, The Evolution of God le Robert Wright. Níl mórán de léite agam fós, ach is féidir liom a rá go bhfuil ard-mheas agam ar Wright cheana féin. Seo sliocht gairid as an dara caibidil:

No doubt the trance state reached during hours of dancing is a result of, among other things, the rhythmic shocks delivered to the base of the brain, as many as 60,000 shocks in one dance session by the estimate of the anthropologist Melvin Konner. But that doesn't steal the possibility of truth from the experience Konner himself had while dancing with the !Kung, “that ‘oceanic’ feeling of oneness with the world.” The opposite of this experience -- our everyday sense of wary separation from all but a few kin and trusted friends -- is a legacy of natural selection, no more and no less. It's been good at steering genes into the next generation, and thus must have in some sense faithfully reflected some features of the social landscape, but it doesn't necessarily capture the whole picture. It has been, in a sense, strategically “true,” but that doesn't make it morally or metaphysically true.

forfill nó forfhill ???



Sliocht as FGB, atá idir dhá chomhairle sa chás seo de réir dealraimh. Is fearr le focal.ie “forfhilleadh”agus níl “overfold” in De Bhaldraithe.

24 Deireadh Fómhair 2009

forfeda ⁊ entoptics


Bhí fiche litir san aibítir Ogham ar dtús. Cuireadh cúig litir eile léi, na forfeda (foirfeánna) nó “litreacha breise”, ina dhiaidh sin. Tá fianaise ann gur sheas siad don na consain P agus X, agus do na gutaí Y, Ó, agus É i dtús báire, ach nár baineadh a lán úsáide astu riamh. Thug scoláirí meánaoiseacha brí eile, mar dhéfhoghair, dóibh níos faide anonn.
Rith sé liom, ag breathnú ar na patrúin entoptic (focal nach bfhuil ag focal.ie) a luaigh mé sa phost roimhe seo, go bhfuil siad an-chosúil leis na forfeda, an bhís agus an ghreille go háirithe. Ní dóigh liom go bhfuil aon rún diamhair i bhfolach anseo, ach is suimiúil an rud é mar sin féin chomh bunúsach agus atá na patrúin entoptic seo agus an chaoi a nochtann siad arís is arís i stair chultúrach an chine dhaonna.


23 Deireadh Fómhair 2009

ciorcail chomhlárnacha


An Chloch Cholbha
Sí an Bhrú
An Treimhse Mheigiliteach


Fuente de la Zarza, La Palma
Na hOileáin Chanáracha
An Treimhse Mheigiliteach


Children's Water Dreaming
le
Shorty Lungkarta Tjungurrayi
Papunya, An Astráil, 1972

Céard atá ar siúl anseo? Is áit bheag iargúlta é Papunya, suite i lár na hAstráile, gan ach 300 duine ina gcónaí ann. Tá na mílte míle -- agus na mílte bliain -- ina luí idir na daoine seo, ar Bundúchasaigh an mhórchuid acu, agus Tréimhse Mheigiliteach na hEorpa.

Sa bhliain 1971 thug an múinteoir Geoffrey Bardon acrylics agus píosaí móra máisiúiníte do chuid de na fir ansin agus thosaigh siad ag péinteáil. Tá cáil idirnáisiúnta ar a gcuid oibre anois, agus tá taispeántas di ar siúl sa Grey Art Gallery faoi láthair. Tá go maith agus níl go holc.

Má chuirtear an pictiúr seo le Shorty Lungkarta le hais na peitriglife in Fuente de la Zarza, déarfá -- bhuel, déarfainn ar aon nós -- gur tháinig siad as an scoil chéanna, b'fhéidir ón duine céanna. Is ollmhór an chosúlacht atá acu lena chéile, bíodh is go bhfuil siad scartha chomh mór sin óna chéile i spás agus in am. Cén fáth?

Tá míniú amháin -- nó teoiric amháin ar aon nós -- le fáil san fhocal entoptics, focal nach raibh agam bliain ó shin. Is patrúin iad seo atá le feiceáil sa tsúil agus/nó san inchinn gan aon ionchur ón taobh amuigh, de bharr troscaidh, drugaí, rince gan staonadh, 7c. Is patrúin an-simplí iad: línte, bíseanna, greillí, stuanna agus fiarláin.

Maidir le Paul Klee anois: an ag troscadh a bhí sé, nó ag trip-áil, nuair a phéinteáil sé “Heroische Rosen”, mar shampla, nó “Burg und Sonne”, nó “Steigende Sonne” nó Gefangener? Hmm?

22 Deireadh Fómhair 2009

αχειροποίητον eile!



Acheiropoieton: íomhá naofa nach ndearnadh le lámh an duine. Is focal Gréigise é seo, curtha i dtoll a chéile mar seo: α gan + χειρο lámh + ποίητον déanta. Tá an ceann seo le feiceáil ar dhoras leithreas na bhfear sa siopa Ikea i nGlaschú. Níltear ar aon tuairim maidir le cé go díreach atá ann. Mac Dé nó Gandalf, an dea-dhraoi?

“Fásaidh slat a fedhaib fuinn...”


Breacadh an rann seo síos ar leathanach 53r sa lámhscríbhinn D iv 2 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Do lucht Old-Irish-L go háirithe atá na híomhánna seo le feiceáil anseo. Scríobhfaidh mé níos mó faoi tar éis dóibh súil a thabhairt air.





Fāsaidh slat a fedhaib fuinn.
Noco cian condad mōrchēim.
Do muine tic fāl is coill.
Noco dlig sār ar saerchlainn.

Seo athinsint den rann, de réir mar a thuigim é anois díreach. NB: Níl an tuiscint atá agam de inniu greanta i gcloch, ná baol air.

Fásann buinneán as crainn an cheantair.
Ní fada go mbeidh mórcháil air.
De mhuine a thagann fál is coill.
Ní dhlíonn saorchlann tarcaisne.

21 Deireadh Fómhair 2009

stórchiste stairiúil



Má tá £200 le spáráil agat, tig leat an tseoid seo, an chéad teasáras stairiúil i dteanga ar bith, a chur ar do sheilf. Chuaigh an dá imleabhar seo, ar tosaíodh obair orthu sa bhliain 1964, ar an margadh inniu. De réir alt ar an stórchiste ar an Telegraph inniu:
  • Ní raibh an focal carrot ag Chaucer. Tháinig sé ó calotte na Fraincise agus ní raibh sé le fáil i gcló go dtí an bhliain 1533.
  • Medwis, modigleas, samwis, ungerad, stuntlicsort a chuirfeadh an Rí Alfred ar amadán.
  • Cuid de na focail a bhí ar fáil do Jane Austen ar an duine céanna ná numskulled, born-muzzy, ram-headed agus chuckleheaded.
Rud eile don “liosta-le-déanamh”: stórchiste stairiúil na Gaeilge! :-)

Dála an scéil, tá mé ag éisteacht le The Meaning of Everything: The Story of the Oxford English Dictionary le Simon Winchester mar chlosleabhar agus ag baint an-sult as.

Fionn fial agus an fómhar



chuiris di in chaill,
dámad airget in gheal-tonn
ro thidhluicfed Find.

Dá mba ór an duille donn
a chuir di an choill,
dá mba airgead an ghealtonn
do thiolaicfeadh Fionn.

Ní donn atá an duilliúr anseo faoi láthair, ach rua, buí, dearg, corcra, agus flannbhuí! Tá an teocht cheart ann le tamall anuas agus tá xantaifil, caraitéin, agus antóiciainin le feiceáil ar fud na háite anois in áit ghlas na clóraifile atá ag síothlú agus ag dul as.

19 Deireadh Fómhair 2009

íomhá eile den rann



ni deimin lium ca trath tis

Shíl mé ar dtús go bhfaca mé “tīr” ag deireadh na líne, ach is léir anois gur “tīs” atá ann, le ponc faoin dara híslitheach sa litir 's'. Tá an focal scoir ag an rím anseo. Tá comhardadh slán idir “arís” ag deireadh an chéad leathrann agus “tís” anseo. Tá mé buíoch de David Stifter as an réiteach seo a mholadh dom.


18 Deireadh Fómhair 2009

rann eile fós ón Leabhar Breac



Tá an chéad leathrann le feiceáil san íomhá thuas: cuid de leagan amháin de, le bheith cruinn, agus cuid de leagan eile. Scríobh duine éigin -- ní Murchadh Riabhach Ó Cuindlis, scríobhaí na LS féin -- an rann seo san imeall uachtarach ar leathanach 41 i lámh chiotach. Níos déanaí rinne duine éigin eile, fear a raibh peannaireacht níos fearr aige, cóip den rann os a chionn. Is maith an rud é go ndearna, mar tá cuid den chéad leagan doléite anois. Is maith liom fealsúnacht an fhile: “ní raibh mé ann, tá mé ann anois, ní bheith mé ann arís roimh i bhfad.” Cuireann sé seo Coheilit sa Sean-Tiomna i gcuimhne dom.

Do bhí mise gan bheith ann.
Gar dom am gan bheith arís.
Deimhin liom go dtiocfaidh an bás.
Ní deimhin liom cá tráth tís.

an t-athchóiriú ag dul ar aghaidh



Tá an phluiméireacht gharbh, an soláthar leictreachais, agus an t-insliú istigh anois, agus rinne Florian an panna le haghaidh an chithfholctha inné (an rud dorcha atá le feiceáil ag bun an ghrianghraif). Bhí (Dr.) Tom, mo pháirtí, i láthair nuair a tháinig iníon Fhlorian ar an saol ocht mbliana déag ó shin, agus is é seo an tríú seomra folctha a ndearna Florian an tíleadóireacht ann dúinn.

saol fada i gceithre bhuidéal



“Mo chreach! Tá trí cinn acu folamh cheana féin!”

16 Deireadh Fómhair 2009

Cad é seo?



Deir alt ar Wikipedia go bhfuil sé traidisiúnta (ó thús na fichiú haoise), go bhfuil sé Éireannach, agus gur lóchrann é i gcomhair Oíche Shamhna. Is cosúil go bhfuil sé le feiceáil insan Museum of Country Life i gCaisleán an Bharraigh. Ní thugtar aon eolas eile faoi.

Is as an Oileán Úr ó dhúchas an puimcín. Is poncán é an puimcín. Deirtear abhus anseo “chomh Meiriceánach le pióg úll”, ach bheadh “chomh Meiriceánach le pióg puimcín” níos cruinne. (Bhuel, bíonn beagnach chuile phióg cruinn, ach sin scéal eile.) Pé scéal é, dealraíonn sé gur abhus anseo a tosaíodh ar lóchrainn a dhéanamh as puimcíní san Fhómhar, agus go háirithe ar Oíche Shamhna. Agus is abhus anseo go háirithe a chiallaíonn jack-o'-lantern an lóchrann sin, ní an solas a fheictear uaireanta os cionn na riasc. Will-o'-the-wisp a thugann muid ar ignis fatuus (.i. Seán na gealaí).

Cúpla ceist agam oraibh. An bhfaca sibh aon rud cosúil leis an gceann thuas riamh in Éirinn? An bhfeiceann sibh puimcíní le coinnle iontu na laethanta seo?

Tá Oíche Shamhna ag teacht! (cuid a dó)


Is de thaisme agus gan choinne dá laghad a tháinig mé trasna ar an jack-o'-lantern seo ar Íomhánna Google, creid é nó ná creid. Níl a fhios agam cad as dó, ach molaim an chruthaitheacht agus an greann!

15 Deireadh Fómhair 2009

ualach leathan



Thug an mháthair a mac óg, cúig bliana d'aois, léi isteach sa bhanc ag am lóin. Chuaigh siad i scuaine taobh thiar de bhean an-ramhar a raibh culaith ghnó uirthi agus glaoire.

Dúirt an leaidín, agus iad ag feitheamh, “A mhamaí, tá sí ramhar!”

Chrom a mháthair agus chuir sí cogar ina chluais. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin leath an gasúr a lámha agus dúirt, “Tá a tóin chomh mór seo!”

Chas an bhean ramhar agus thug sí féachaint mhillte ar an ngasúr. Thug a mháthair leadhbairt mhaith den teanga dó agus bhí sé ina thost arís.

Tar éis tamaillín eile shroich an bhean mhór an cuntar. San am céanna thosaigh a glaoire ag BÍP BÍP BÍP-áil.

Scairt an leaidín in ard a chinn: “Rithigí, tá sí ag cúlú!!”

14 Deireadh Fómhair 2009

ag súgradh le téip ghorm



Aidhmiris agus Danmhairgis



Tá Caoimhín Ó Donnaíle agus mé féin díreach tar éis dhá aistriúchán nua den scéilín Sean-Ghaeilge Tríar Manach a chur ar an suíomh, ceann amháin in Aidhmiris (Aymara) agus an ceann eile i nDanmhairgis.

Rinne David Stifter aistriúchán den téacs go Gaeilge Ársa le déanaí agus beidh sé seo ar an suíomh go luath, le cúnamh Dé. Bíonn cuid mhaith tuairimíochta i gceist in obair mar seo i gcónaí, ós rud é nach bhfuil corpas téacsanna againn sa teanga sin, seachas dornán inscríbhinní in Ogham. Ach ar an láimh eile, is féidir cruth na bhfocal a atógáil gan mórán dua, agus tá David sár-oilte ar an ealaín seo. Baineann an éiginnteacht is mó in aistriúchán mar seo leis an gcomhréir agus leis na cora cainte.

13 Deireadh Fómhair 2009

rann eile ón Leabhar Breac






Cipe bess hi manistir
no i comthinol cert;
na díbed na tormaiged
a riagail no a recht.

Seo rann imeallach eile ón Leabhar Breac (lch. 234). Tá mé in ann Nua-Ghaeilge a chur air gan mórán dua. Tá an scríbhinn soiléir agus níl an ghramadach casta. Sampla deas is ea é den mheadaracht (7³ 5¹ 7³ 5¹) a bhfuil an t-ainm taibhseach cró cummaisc etir casbairdni ocus lethrannaigecht móir air. Ach ní dóigh liom go dtuigim céard atá á rá aige dáiríre:

Cibé a bheas i mainistir
nó i gcomhthionól ceart;
ná biodh laghdú nó méadú
ar a riail nó a reacht.

An bhfuil míniú ag aon duine agaibh?


11 Deireadh Fómhair 2009

“MO”



Is dócha nach bhfuil a fhios acu thall sa Rúis, ach is féidir a gcros a léamh mar fhocal scríofa in Ogham. MO a deir sé. Nó MÓ.

09 Deireadh Fómhair 2009

cruinne



Dúirt mé le Dubhaltach go gcuirfinn an sliocht seo faoi chruinne na cruinne ar fáil anseo. Is cuid de théacs Sean-Ghaeilge, In Tenga Bithnua. Whitley Stokes a rinne an t-eagrán seo, in Ériu, vol. II, Part II, sa bhliain 1905. Phléigh John Carey é in A Single Ray of the Sun: Religious Speculation in Early Ireland (1999), leabhar beag a bhfuil ard-mheas agam air.

Bhain an t-údar feidhm as dhá fhocal a bhfuil an chiall chéanna leo, “cruinne” agus “torachta”. Níl an dara ceann againn níos mó. Rinne mé mo dhícheall le “cruinne” agus “ciorclach” san aistriúchán.

Is i cruinne dorraladh cach duil cid iar ndelbuib domuin. Ar is i torachta chruinne doralta na nime, 7 is i torachta doronta na .uii. muire immacuairt, 7 is i torachta doronta in talmain. Ocus is i toracta cruinne doimchellat na renda roth cruinn in domuin, 7 iss i cruinde dhelbha atchiter na hanmand iar n-escumluth a corpaib, 7 iss i cruinde atchither cuairt in richidh uasail, 7 iss i cruinne atciter cuairt gréne & esca. Is deithbeir uile sein, ar is toruchta cen tosach cen forcend in Coimde ro bhithbhai 7 bhithbias 7 dorighne na huili-sin.

Is i gcruinne a cumadh gach dúil de réir chruthanna an domhain. Óir is i gcruinne chiorclach a cuireadh na spéartha, agus is i gcruinne a rinneadh na seacht muir máguaird, agus is i gcruinne a rinneadh an talamh. Agus is i gcruinne chiorclach a thimpeallaíonn na réaltaí roth cruinn an domhain, agus is i gcruth cruinn a fheictear na hanamacha tar éis dóibh a gcoirp a fhágáil, agus is i gcruinne a fheictear cuairt na neimhe uaisle, agus is i gcruinne a fheictear cuairt na gréine agus na gealaí. Is cóir sin uile, óir is ciorcal gan tosach gan foirceann é an Tiarna a bhí ann i gcónaí agus a bheas ann i gcónaí agus a rinne na nithe sin go léir.

08 Deireadh Fómhair 2009

WTF?


mír baininscneach, blúire, giota

iarmhír baininscneach, earaball beag le focal, suffix

réimír firinscneach, siolla a chuirtear ag tús focail lena bhrí a athrú, prefix

Cén committee a dhear an teanga seo?!?


slaod agus slaghdán


Cuid a dó de “Tá slaghdán orm” é seo.


Is féidir a rá i mBéarla go ngearrfaidh galar éigin, fliú na muc mar shampla, a swath through the population. Níor chuala mé an cliché sin i nGaeilge riamh. Ach is léir go raibh an meafar sin beo in intinn ár sinsear na céadta bliain ó shin. Bhí an focal slaet acu ar shraith féir nó arbhair.

Tá an focal sin againn fós: slaod. Ní féar nó arbhar atá i gceist i gcónaí anois. A mhalairt ar fad. Tá slaodanna sneachta agus slaodanna gruaige ann, chomh maith le “slaod gibirise” (sa dán “An tEach Uisce” le Nuala Rua) agus “slaod meala anuas ar lochán leáite ime ar chanta aráin” i ngearrscéal le Biddy Jenkinson.

Ach bhí ciall eile le “slaet”, mar atá “galar”, .i. rud éigin a leag na daoine mar a leagfadh spealadóir an t-arbhar. Chuir siad an iarmhír -án leis an bhfocal de ghnáth. Níl a fhios agam cén fáth. Slaetán, slaedán, slaodán, agus faoi dheireadh slaghdán an litriú a cuireadh air. Ní minic a mharaíonn slaghdán éinne, ach is spealadóir fós é a leagann daoine ar lár ina slaodanna.

07 Deireadh Fómhair 2009

Eachtra Neara (Oíche Shamhna)



Boí Ailill ocus Medb aidchi Ṡamnae hi rRáith Chrúachan cona tegluch uiliu. Gaibthir for berbad biid leu. Ro·crochtha dá chimbid leu a llae reme-sin. As·bert Ailill íarum: “Int í do·bérad trá,” ol sé, “id imm choiss nechtair in dá chimbedo file isin chroich, ra·mbiad a lóg lemm-sa airi, amail bed áil dó.”

Bhí Aillil agus Méabh i Ráth Cruachan lena dteaghlach uile Oíche Shamhna. Thosaigh siad ag beiriú a mbia. Bhí beirt cimí crochta acu an lá roimhe sin. Dúirt Aillil ansin, “An té a chuirfeadh iodh um chois ceachtair den bheirt cimí atá ar an gcroch, beidh an luach is mian leis aige uaimse.”

Ba mór íarum a dorchatu inna h-aidche-sin ocus a grándatu ocus do·aidbitis demnai ind adaig-sin do grés. No·téiged cach fer ar úair úaidib immach dia phromad inna h-aidche-sin ocus ba h-opunn ticed isa tech a ḟrithisi. “Rom·bíth-se a lóg latt,” ol Nerae, “ocus rega immach.” “Rot·bia mo chlaideb órduirn-se éim,” ol Ailill.

Ba mhór dorchadas na hoíche agus a huafás, agus thagadh deamhain i láthair i gcónaí ar an oíche sin. Chuaidh na fir uile amach ina dhuine agus ina dhuine le triail a bhaint as an oíche, agus ba sciobtha a tháinig siad isteach arís. “Tabhair an luach domsa,” arsa Neara, “agus rachaidh mé amach.” “Beidh mo chlaíomh-sa leis an dorn óir agat,” arsa Ailill.

Tá an scéal iomlán, i Sean-Ghaeilge agus i mBéarla, ar fáil anseo. Ach is dóigh liom go mbeadh leagan Nua-Ghaeilge de -- le neart pictiúr, mar choimic nó úrscéal grafach -- ar fheabhas. Athinsint seachas lomaistriúchán atá ag teastáil, is dócha.

Tá slaghdán orm. (cuid a haon)



Tá slaghdán orm le cúig lá anuas,
slaghdán clasaiceach lánseirbhíse.
Tá an cúrsa canónta á rith aige
ó phiachán sa scornach
go tinneas cinn idir na súile,
srón mar sconna,
sraothartach sheismeach,
casachtach réamach;
agus lánstaonadh
ó bharróga,
gan dabht.

06 Deireadh Fómhair 2009

Tá Oíche Shamhna ag teacht!



amhras agus contúirt




Is léir ó stair na bhfocal seo, “amhras” agus “contúirt”, gur shíl na daoine a tháinig romhainn go raibh sé dainséarach a bheith neamhcinnte, go háirithe i gcúrsaí creidimh.

Nua-Ghaeilge: amhras = dabht, easpa cinnteachta

Sean-Ghaeilge: amaires = neamhchreideamh, easpa creidimh
  • am- = réimír diúltach
  • ires (iris) = reiligiún, creideamh, True Faith
Nua-Ghaeilge: contúirt = dainséar, baol

Sean-Ghaeilge: cuntabart = dabht, neamhchinnteacht, mearbhall

Bhí an nath trífhoclach seo acu:

Ferr astud amairis.
Tá cinnteacht níos fearr ná dabht.

Chiallaigh “astud” fixing, establishing ag an am sin. Tá sé againn fós, sa riocht “fostú”. Dá ndéantaí an nath seo a aistriú go Gaeilge an lae inniu beag beann ar an athrú céille, chuirfeadh sé smaoineamh nua-aimseartha in iúl, mar atá “tá fostú níos fearr ná amhras”!

Ach is fearr liom an seanfhocal seo droim ar ais:

Ferr amaires astud.
Tá amhras níos fearr ná deimhneacht.

04 Deireadh Fómhair 2009

néaladóireacht



Dúirt Áine Dé Domhnaigh, “Tá an ghrian fiosrach, an dtuigeann sibh, agus is minic í ag néaladóireacht orainn trí na néalta, i ngan fhios dúinn.” Chuir an abairt seo abairt eile faoin ngrian a scríobhadh in Éirinn níos mó ná míle bliain ó shin in In Tenga Bithnua i gcuimhne dom:

Ros·bīadh tra mōr do scēlaib atfesadh fora fecht manus·beth tenga dia rēlad.

Bheadh a lán scéalta aice a d'inseodh sí ar a turas dá mbeadh teanga aici lena ríomh.

Dála an scéil, is fíormhaith liom an focal néaladóireacht, sa chomhthéacs seo go háirithe!

dúchán



Seo dúchán tríchosach a snoíodh as fréamh crainn. Tá an tobar líneáilte le luaidhe. Is cuid de bhailiúchán an Hunt Museum i Luimneach é. Ar an drochuair, níl sé soiléir ón míniú a théann leis cá ndearnadh é ná cén t-am. Taitníonn sé go mór liom agus ba liom a chreidiúint gur obair Éireannach é ón meánaois. Ach cá bhfios?

03 Deireadh Fómhair 2009

Conradh Liospóin


Tá an liathróid ina chúirt anois.

Chuirfinn fáilte roimh alt air seo ón gCainteoir Dóchais ag an bpointe seo. Sibhse atá i bhfábhar leis an iarrtas seo, abraigí aidhe.

02 Deireadh Fómhair 2009

Ní ogham é seo ach oiread...


... ach shíl mé ar dtús go raibh ogham i bhfolach ann. Dewi Tudur an t-ealaíontóir. Torri Lawr an teideal atá air.

01 Deireadh Fómhair 2009

la soupe du jour



Fíorscéal

mo chara: Cad é an t-anraith inniu?

an freastalaí óg: Níl a fhios agam, ach gheobhaidh mé amach.

an freastalaí óg, ar ais arís: Soup du jour é an t-anraith inniu.

mo chara: Soup du jour! An t-anraith is ansa liom! Beidh sé agam!