10 Meitheamh 2009

“cabin fever” arís


Mhol Proinsias an focal “plúchadh”:    

Tig 'plúchadh' go nadúrtha chugam chun 'cabin fever' a chur in iúl.

Cén chaoi a mbainfeá úsáid as le “I have cabin fever” a rá? Bhain mé triail as "tá plúchadh orm", ach is rud éigin cosúil le “I have asthma” a deir sé sin liomsa.  Céard faoi “braithim mé féin plúchta anseo”?  Moltaí eile?

9 comments:

  1. Tuairim is deich mbliana ó shin, thug mé na páistí go hamharclann agus chonaic "Muppets Treasure Island". Tá amhrán breá acu dar teideal 'Cabin Fever'.

    Seo chugaibh é -

    http://www.youtube.com/watch?v=R6lY-EQrdA4&feature=PlayList&p=BABF4AEF059ECA1E&playnext=1&playnext_from=PL&index=15

    ReplyDelete
  2. Nó níos simplí - Táim plúchta anseo

    Deir na Gearmáinigh "Tá an díon ag titim orm" chun an plúchadh seo a chuir in iúl. (Mir faellt die Decke aufm Kopf)

    ReplyDelete
  3. Ní dhéarfainn 'Tá plúchadh orm' - cinnte tá ciall 'asthma' le sin, ach bheinn sásta le: 'Tá mé plúchta!'.
    Cúpla rogha eile:

    Tá na ballaí ag teannadh orm!
    Tá mé mar a bheadh crúbach i gcorp an chlismín!

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh! Caithfidh mé na leaganacha Spáinnise agus Fraincise a fháil anois!

    ReplyDelete
  5. "Dá mbeadh an seomra plúchta, d'oscloinn fuinneog." - Progress in Irish.
    Plúchta i seomra plúchta??? Ní maith liom sin. Cad faoi 'féin-bhréan?'

    ReplyDelete
  6. Smaoinigh mé féin ar "iata" (teach iata, mar shampla), ach is ionann "iatacht" agus "calcadh goile" nó constipation! ;-)

    ReplyDelete
  7. Tá nath eile ag na Gearmánaigh dó: "Lagerkoller", nó "buile champa". Agus is cinnte gur láthair champála atá i gceist le "Lager" cé gur féidir "buile leanna" a shamhlú freisin!

    ReplyDelete
  8. Agus tá "stir crazy" i mBéarla. Focal béarlagair a chiallaíonn "príosún" is ea "stir".

    Is maith liom "tá na ballaí ag teannadh orm!"

    An féidir "tá mé mar a bheadh crúbach i gcorp an chlismín" a aistriú mar "I'm jumping out of my skin"?

    ReplyDelete
  9. Campa Géibheann an tuiscint a bheadh agamsa ar Lager i Lagerkoller. (Agus ó tharla gan aon chuir amach ar Gearmánaigh ar Lager mar leann ...)

    ReplyDelete