29 Deireadh Fómhair 2009

teachtaireacht ón nGovernator



Seo cóip de litir a chuir Arnold Swarzenegger chun Oireachtas Chalifornia an lá cheana, ag diúltú bille beag gan tábhacht a shíniú -- litir nach bhfuil inti ach callán, a déarfá ar an gcéad amharc. Ach fan go fóill. Tá an fhíor-theachtaireacht le léamh “ar an imeall”, sna céad litreacha den dara agus den tríú paragraf. An bhfeiceann tú teachtaireacht Arnold anois? Tá an scéal iomlán le léamh anseo.

3 comments:

  1. Tá sé faoi bhrú, an créatúr. Níl ach 27% de na vótálaithe sásta leis de réir na pobalbhreithe is déanaí.

    ReplyDelete
  2. Is dóigh go rachaidh seo dá leas go polaitiúil, nó i súile na ndaoine ar aon chaoi?

    Sílim go mbeadh sé níos greannmhaire fós dá mbeadh "get to the chopper" scríofa go rúnda aige.

    ReplyDelete