21 Deireadh Fómhair 2009

stórchiste stairiúil



Má tá £200 le spáráil agat, tig leat an tseoid seo, an chéad teasáras stairiúil i dteanga ar bith, a chur ar do sheilf. Chuaigh an dá imleabhar seo, ar tosaíodh obair orthu sa bhliain 1964, ar an margadh inniu. De réir alt ar an stórchiste ar an Telegraph inniu:
  • Ní raibh an focal carrot ag Chaucer. Tháinig sé ó calotte na Fraincise agus ní raibh sé le fáil i gcló go dtí an bhliain 1533.
  • Medwis, modigleas, samwis, ungerad, stuntlicsort a chuirfeadh an Rí Alfred ar amadán.
  • Cuid de na focail a bhí ar fáil do Jane Austen ar an duine céanna ná numskulled, born-muzzy, ram-headed agus chuckleheaded.
Rud eile don “liosta-le-déanamh”: stórchiste stairiúil na Gaeilge! :-)

Dála an scéil, tá mé ag éisteacht le The Meaning of Everything: The Story of the Oxford English Dictionary le Simon Winchester mar chlosleabhar agus ag baint an-sult as.

4 comments:

  1. Agus ba í an bhrí a bhíodh ag "silly" ná "beannaithe", nach ea, agus í gaolmhar le "selig" na Gearmáine?

    Tá "An Tionscadal" le Tomás Mac Síomóin á léamh agam faoi láthair. Tá tagairtí do fhreascó de Dheasghabháil na Maighdine Muire ann ina bhfuil Muire timpealaithe ag "uascáin (in éadaí na linne)". De bharr a bhfuil idir lúibíní (agam) tá sé soiléir nach "fóisc" (caora bhaineann bhliana) ach "simpleoir bog" atá i gceist.

    Cé gur "Vox populi vox Dei" de réir an seanfhocail, is cosúil nach raibh an vox pop ró-charthannach riamh agus iad ag cur (leas-)ainmneacha ar dhaoine cráifeacha!

    ReplyDelete
  2. :-)

    An focal thuas ar chuir mise suim ann ná "samwis". Rith sé liom go raibh an focal sin ar intinn J. R. R. Tolkien nuair a bhaist sé Samwise Gamgee ar dhuine de na Hobbits.

    ReplyDelete
  3. Bheadh dealramh leis sin, ach níorbh amadán é Samwise. Ba Sean Bhéarla ábhar Tolkien, agus é ar iarraidh fínnscéalacht a chruthú do Shasana ina leabhair.

    ReplyDelete