25 Deireadh Fómhair 2009

forfill nó forfhill ???



Sliocht as FGB, atá idir dhá chomhairle sa chás seo de réir dealraimh. Is fearr le focal.ie “forfhilleadh”agus níl “overfold” in De Bhaldraithe.

3 comments:

  1. Is dóigh liom gur earráid atá i gceist anseo: is é "overfhold" an leagan ceart, nach ea? :-)

    ReplyDelete
  2. Cúpla botún eile as FGB, agus do pheann dearg amach agat: céiliúir, clófaifill (clóraifill), compháirtí, Imácach (Iamácach), prosóid (prósóid)

    ReplyDelete
  3. Ar thug tú féin na botúin eile faoi deara, Kevin, nó an bhfuil liosta de na herrata ann áit éigin? Fuair mé céiliúir tamall ó shin, ach níor tháinig mé trasna ar na cinn eile riamh roimhe seo. Is dóigh liom go bhfuil "forfill" suimiúil toisc go bhfuil claonadh ann le fada gan 'f' a shéimhiú ina lán comhthéacsanna.

    ReplyDelete