24 Deireadh Fómhair 2009

forfeda ⁊ entoptics


Bhí fiche litir san aibítir Ogham ar dtús. Cuireadh cúig litir eile léi, na forfeda (foirfeánna) nó “litreacha breise”, ina dhiaidh sin. Tá fianaise ann gur sheas siad don na consain P agus X, agus do na gutaí Y, Ó, agus É i dtús báire, ach nár baineadh a lán úsáide astu riamh. Thug scoláirí meánaoiseacha brí eile, mar dhéfhoghair, dóibh níos faide anonn.
Rith sé liom, ag breathnú ar na patrúin entoptic (focal nach bfhuil ag focal.ie) a luaigh mé sa phost roimhe seo, go bhfuil siad an-chosúil leis na forfeda, an bhís agus an ghreille go háirithe. Ní dóigh liom go bhfuil aon rún diamhair i bhfolach anseo, ach is suimiúil an rud é mar sin féin chomh bunúsach agus atá na patrúin entoptic seo agus an chaoi a nochtann siad arís is arís i stair chultúrach an chine dhaonna.


3 comments:

  1. Nó an torthaí na gnáthbhreacaireachta iad?

    Gan sracfhéachaint a thabairt isteach sa mheall criostail déarfainn go gcuirfear "ionoptaic" ar an bhfocal thuas.

    ReplyDelete
  2. Sin, nó “feiniméin ionoptacha”, ceachtar acu ó εντο- (istigh) + όπτικος. Céard is brí le “gnáthbhreacaireacht” anseo? Níl mé cinnte céard go díreach atá ar intinn agat, ó tharla go gciallaíonn “breacaireacht” carving, engraving ar láimh amháin agus doodling, scribbling ar an láimh eile. Aontaím go bhfuil áireamh beag d'fhíoracha simplí mar iad seo ann.

    ReplyDelete
  3. "Doodling" a bhí ar m'intinn agam.

    ReplyDelete