07 Deireadh Fómhair 2009

Eachtra Neara (Oíche Shamhna)



Boí Ailill ocus Medb aidchi Ṡamnae hi rRáith Chrúachan cona tegluch uiliu. Gaibthir for berbad biid leu. Ro·crochtha dá chimbid leu a llae reme-sin. As·bert Ailill íarum: “Int í do·bérad trá,” ol sé, “id imm choiss nechtair in dá chimbedo file isin chroich, ra·mbiad a lóg lemm-sa airi, amail bed áil dó.”

Bhí Aillil agus Méabh i Ráth Cruachan lena dteaghlach uile Oíche Shamhna. Thosaigh siad ag beiriú a mbia. Bhí beirt cimí crochta acu an lá roimhe sin. Dúirt Aillil ansin, “An té a chuirfeadh iodh um chois ceachtair den bheirt cimí atá ar an gcroch, beidh an luach is mian leis aige uaimse.”

Ba mór íarum a dorchatu inna h-aidche-sin ocus a grándatu ocus do·aidbitis demnai ind adaig-sin do grés. No·téiged cach fer ar úair úaidib immach dia phromad inna h-aidche-sin ocus ba h-opunn ticed isa tech a ḟrithisi. “Rom·bíth-se a lóg latt,” ol Nerae, “ocus rega immach.” “Rot·bia mo chlaideb órduirn-se éim,” ol Ailill.

Ba mhór dorchadas na hoíche agus a huafás, agus thagadh deamhain i láthair i gcónaí ar an oíche sin. Chuaidh na fir uile amach ina dhuine agus ina dhuine le triail a bhaint as an oíche, agus ba sciobtha a tháinig siad isteach arís. “Tabhair an luach domsa,” arsa Neara, “agus rachaidh mé amach.” “Beidh mo chlaíomh-sa leis an dorn óir agat,” arsa Ailill.

Tá an scéal iomlán, i Sean-Ghaeilge agus i mBéarla, ar fáil anseo. Ach is dóigh liom go mbeadh leagan Nua-Ghaeilge de -- le neart pictiúr, mar choimic nó úrscéal grafach -- ar fheabhas. Athinsint seachas lomaistriúchán atá ag teastáil, is dócha.

4 comments:

  1. Go raibh míle as na haistriúcháin. Ba rud iontach ar fad é dá mbeadh leagan iomlán in Nua-Ghaeilge.

    ReplyDelete
  2. An-smaoineamh. Is é sainscéal Oíche Shamhna é. Agus an stíl inste lom!

    ReplyDelete
  3. Is maith an smaoineamh é! Ach nílimse in ann cur leis an obair go Dé Céadaoin seo chugainn ar a laghad. Caithfidh mé scrúdú a dhéanamh i Seattle Dé Luain - Internal Medicine Boards -- agus níl siad éasca. Agus rachaidh mé go cruinniú SEIF i nDallas DéCéadaoin go Satharn; b'fhéidir go dtabharfaidh mé an ríomhaire liomsa ar an eitilt.

    ReplyDelete
  4. Na Boards! Tuigim duit. Chaith Tom an chuid is breátha den samhradh seo ag ullmhú faoina gcoinne. Go n-éirí go geal leat! Maidir leis an aistriúchán, má tá an t-am agat bheadh sé sin go hiontach. Má tá cúnamh uait, tá mé anseo.

    ReplyDelete