04 Deireadh Fómhair 2009

dúchán



Seo dúchán tríchosach a snoíodh as fréamh crainn. Tá an tobar líneáilte le luaidhe. Is cuid de bhailiúchán an Hunt Museum i Luimneach é. Ar an drochuair, níl sé soiléir ón míniú a théann leis cá ndearnadh é ná cén t-am. Taitníonn sé go mór liom agus ba liom a chreidiúint gur obair Éireannach é ón meánaois. Ach cá bhfios?

4 comments:

  1. Turtar nó toirtís a rith liom nuair a thit mo shúil air, go dtí gur léigh mé faoin triú chois. Is maith liomsa é freisin, caithfidh mé a rá.

    ReplyDelete
  2. Deirtear go bhfuil trí chos agus trí cheann air. Tré nó triarachas “Ceilteach”?

    Agus seo ceist: scríobh mé trí cheann i áit trí cinn. Is léir go ndearna mé idirdhealú anseo ar “three heads” agus “three (ones)”, e.g. “tá trí cinn eile agam anseo.” Ach an bhfuil aon bhunús leis an idirdhealú seo?

    ReplyDelete
  3. An-bhunús, cheapfainn, de réir Ghraiméar na mBráithre, alt 9.4: iolra le ceann (aonad) ... uatha le ceann (ball beatha). Maidir leis an dúchán (is deas é an focal, is deas é an t-earra) shílfeá gur le manach an aghaidh bheag ceart go leor ach tá an t-adhmad chomh snasta sin gur deacair dom a shamhlú go bhfuil sé níos sine ná an seachtú haois déag.

    ReplyDelete
  4. GRMA as an míniú gramadúil. Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat maidir le haois an dúcháin. Ní chuirfeadh sé lá iontais orm dá mbeadh sé ó na hOileáin Fhilipíneacha ó cheart, nó ó áit éigin eile mar sin i bhfad ó bhaile. Is cosúil gur as bailiúchán de chuid stately home éigin a tháinig sé.

    ReplyDelete