28 Meitheamh 2009

t-léine eile atá agam



Rinneadh an ceann seo i gCalifornia i lár na n-ochtóidí, le haghaidh rang Gaeilge.  Scríobh mé an focal neamhrialta le MacPaint, clár an-simplí a chronaím fós.

5 comments:

  1. Cén t-iolra tú? Lagiolra nó tréaniolra?

    ReplyDelete
  2. Gabh mo leithscéal, ceist amaideach. Briathar atá ionat seachas ainmfhocal.

    ReplyDelete
  3. Ainmfhocal atá ionam gach ré Déardaoin, ar mhaithe le héagsúlacht. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann a smaoiníonn go bhfuil sé seo thar a bheith cincí, ach is dócha nár bhain siad triail as riamh.

    ReplyDelete
  4. Nach dóigh leat gur gící atá sé seachas cincí?

    ReplyDelete
  5. :-) Óir is iad na gíceanna a gheobhaidh an talamh mar oidhreacht.

    ReplyDelete