26 Meitheamh 2009

oróit


Oróit do Mael Mhíchíl

Oróit do Thuathal Saer

Níor chuir éinne ceist orm faoi na focail Oróit do  Míchél sa teachtaireacht a nocht roimhe seo. Ach ligfidh mé orm gur chuir. Seo é an freagra.

Sa mheánaois in Éirinn, baineadh úsáid as na focail Oróit do X go forleathan ar leaca tuama. Tá na solaoidí seo thuas ó Chluain Mhic Nóis.  Ní fheictear an focal iomlán “oróit” ar na leaca de ghnáth. Séard a fheictear ná an giorrúchán or le líne os a chionn.  Is ionann “oróit” agus “oráid”, focal ársa a chiallaíonn “paidir”. Iarraíonn na leaca seo ar an duine a théann thart paidir a rá ar son an duine faoin leac.

2 comments:

  1. An iasacht ón Laidin Orate atá i gceist?

    ReplyDelete
  2. Sin agat é go díreach glan.

    Ón mbriathar "orate = guígí" a tháinig "oróit", agus ansin "oráid / óráid".

    Ón ainmfhocal "oratio", focal a tugadh isteach sa teanga níos luatha, a tháinig "ortha".

    ReplyDelete