14 Meitheamh 2009

Níor thuit sé i gcac na nGall ar aon chuma.


Tá nóta imill eile agam daoibh, ó scríobhaí eile. 

Rinne mé tagairt cheana do Mháel Brigte (Marianus Scotus), inclususclúsenáir thall sa Ghearmáin a fuair bás sa bhliain 1082. Scríobh sé Chronicon i Laidin, stair an domhain ón gCruthú anuas go dtí an bhliain ina bhfuair sé bás.

Is cosúil go raibh amanuensis aige a bhreac síos an téacs mar a dheachtaigh Máel Brigte é. D'fhág an scríobhaí seo cúpla nóta imill sa leabhar sin (Codex Palatino-Vaticanus No. 830) atá an-spéisiúil. Seo agaibh ceann acu, a thosaíonn i nGaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Le Máel Brigte féin atá an fear óg (?) seo caint anseo:

Is oemenn dún indiu, á Mél Brigte clûsenáir, Dia mairt .ii. kl. Aug., mani derntais scolôca manestrech Maurittii braflacc damsa for lêbunn in tige coittcenn ut cecidi cum tabulis in fundo stercoris. Sed gratias ago nec mersus sum in stercore francorum. Sed tamen oro discentes ut dent maledictionem illis.  [Brian Ó Cuív a chur in eagar.]

Is aoibhinn dúinn inniu, a Mhaoil Bríde, a chlúiseanóir, Dé Máirt,  31 Iúil, murab é go ndearna scológa (scoláirí?) mhainistir Mauritius brathlang dom ar léibheann an tí choitinn gur thit mé leis na cláir isteach sa chac.  Ach tá mé buíoch nach i gcac na nGall a tumadh mé.  Ach impím ar na múinteoirí mallacht a chur orthu.

6 comments:

  1. Meas tú an iad lucht seirbhíse (oibrithe feirme) a bhí i gceist aige le scológa?

    scológ [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh]
    feirmeoir beag; oibrí láidir dícheallach.

    Shamhlóinn diabhlaíocht a bheith á imirt ag an dá aos ar a chéile.

    ReplyDelete
  2. Ní thuigim go léir --
    'go ndearna ....brathlang dom'. Cén chaoi a rinne siad é sin?

    ReplyDelete
  3. Brathlang - cover of pitfall de réir Ó Donaill.
    Mo thuiscint air - gur chuir siad a fleasc a dhroma é os cionn na leithris, agus gur thit sé leis na cláir isteach sa chac.

    ReplyDelete
  4. B'fhéidir go raibh seisean ramhar is trom!
    Ní raibh na cláir a mheáchan iomlán a thaca.

    ReplyDelete
  5. Níl a fhios agam cén sórt gaiste a chuir na scológa, ach is léir gur oibrigh sé! Agus is dócha go raibh poll bréan faoin leithreas seo, ní reredorter (sruth uisce faoin urlár).

    Maidir leis na focla "scolóca" agus "discentes", níl a mbrí sa chomhthéacs seo iomlán cinnte. Is dócha gur chiallaigh "scolóc" dálta nó giolla sa mhainistir féin -- nó an dá rud le chéile -- seachas oibrí feirme.

    Is é "mic léinn" an chiall iondúil atá leis an bhfocal Laidine "discentes (discens). Is léir sa chás seo go raibh na "discentes" níos airde ná na scológa sa chóras seo.

    ReplyDelete
  6. Cuireann an méid sin an radharc ón scannán úd "Slumdog Millionaire" inar lig an gaiscíoch - agus é fós ina ghasúr - é féin titim isteach i bpoll an chamrais faoi bhun an leithris. Ach ní raibh Máel Brigte chomh lántumaithe sin sa chac, déarfainn.

    ReplyDelete