27 Meitheamh 2009

LGBTQ i mBÁC

 
Cúpla seachtain ó shin fuair mé an t-léine seo ag bun an tarraiceáin, fillte i bplaisteach. “Rats”, a dúirt mé liom féin, “tá Lá 'le Pádraig caite le ráithe." Ach ansin, rith sé liom go mbeadh an dara seans agam inniu!  Inniu lá na paráide LGBTQ i mBaile Átha Cliath agus ina lán cathracha eile. (Tá ainm níos éasca acu uirthi i bPáras:  la Marche des fiertés.) Ach ní cuimhin liom anois cé a thug an t-léine seo dom.  :-( 

8 comments:

  1. Gaelic??? Ní féidir éinne a bheith "gaelic"? Gaelach, Éireannach nó Irish? Is masla ar ár dteanga é an téarma déistineach sin.

    ReplyDelete
  2. Nach bhfuil sé furasta séideadh fút? ;-) Tóg go bog é. Is féidir úsáid dhlisteanach a bhaint as an bhfocal "Gaelic" i mBéarla mar aidíacht. Tá leabhar agam ar an tseilf anseo (díreach taobh thiar díom sa ghrianghraf) a bhfuil an teideal "Gaelic Irealnd c.1250 -c.1650: Land, Lordship and Settlement_ air. Céard atá cearr leis sin?

    Pé scéal é, níl ann ach imeartas focal. :-)

    ReplyDelete
  3. Bíonn daoine goilliúnach faoi lipéid i gcónaí.

    Bhíodh ceann deas ag Brendan Behan ar lucht caite an Fháinne - tugadh sé Erse Holes orthu.

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. Bhain do t-léine gáire inchloiste asam nuair a chonaic mé é, a Dennis.
    Chuir sé mo dheartháir i gcuimhne dom. (Sin mo dheartháir beag atá sé troigh go leith ar airde anois). Fear cliste é, atá ina ollamh ag ollscoil.
    Tá geolán síleála sa chistin i teach mo thuismitheorí. Bhuail mo dheartháir a cheann faoi. Mar sin, b'éigean do mo mháthair an geolán a mhúchadh nuair atá seisean sa teach.

    ReplyDelete
  6. Cógaisíocht.
    Mar is eol duit, is dochtúir leighis mise. Tá beirt deirfiúr agam atá ina mbanaltraí. Tá deirfiúr eile againn atá ina cónaí i Washington DC agus is eacnamaí cúram sláinte í.
    Is fiaclóir í i Minneapolis deirfiúr eile.
    Níl an chuid eile dínn sa tionscal sláinte. Ochtar deirfiúr agus beirt deartháir sa teaghlach.
    Bhí mo dheartháir eile ina gharda ag príosún. Fear mór é, atá fiche bliain níos sine ná mo dheartháir beag. Éirí sé as a phost bliain ó shin agus chuaigh ina mhúinteoir scoile páirtaimseartha. Dúirt sé go raibh obair an gharda an-deacair.

    ReplyDelete
  7. Tosi hieno paita!
    (In Finnish and means: really great looking shirt! Greets from Finland...)

    ReplyDelete