06 Meitheamh 2009

do na bleachtairí



Seo é Mike ar an deic díreach tar éis dul faoi na gréine.

1. Cad é an flying saucer sin sa chúlra?

2. Cad é an t-uisce i lár an phictiúir?

3. Cad é an planda (leid: crann i bpota)  taobh le Mike?

4. Cad é an féar ar a thaobh eile?

(Mar is iondúil, is féidir an pictiúr a mhéadú le clic amháin air.)

4 comments:

  1. 1) an Bioráin Spáis
    2) Loch an Aontais?
    Ceist do na garraíodóirí 3 & 4!

    ReplyDelete
  2. 1) Sin é -- nó An tSnáthaid Spáis (Space Needle).

    2) Ní hea. Tá Lake Union beagán siar. Méar de chuid Lake Washington atá ann.

    Tá ainmneacha Gaeilge ar an dá phlanda. Is ó Chalifornia ó dhúchas don chrann, agus is Eorpach é an féar.

    ReplyDelete
  3. 3. crónghiúis
    4. feisciú gorm

    ReplyDelete
  4. Bravo, Maxime !

    Rud amháin nach dtuigimse, áfach: an t-ainm "crónghiúis". Níl adhmad an chrainn sin crón ar chor ar bith. Tá sé rua, gan dabht dá laghad. Ní gan chúis a thugtar "redwood" air i mBéarla. Ag Dia atá a fhios cé a bhaist an t-ainm Gaeilge air.

    ReplyDelete