22 Meitheamh 2009

Damnú air!


Fuair mo chumascóir bás tráthnóna inniu.  Bhí a fhios agam go raibh sé ag éirí wonky le tamall anuas, ach níor smaoinigh air sin nuair a thosaigh mé ag cumasc crúiscín deas gazpacho.

Is breá liom gazpacho sa samhradh nuair a bhíonn trátaí blasta ar fáil. Níor tháinig aon rud as cocina na Spáinne atá níos fearr ná gazpacho, nuair a dhéantar i gceart é. Monuar, tá a lán droch-ghazpacho le blaiseadh i mbialanna taobh amuigh den Spáinn! Séard atá sa ghazpacho clasaiceach ná:  trátaí aibí, cúcamar, piobar milis úr (ceann dearg más féidir), oinniún agus/nó gairleog, canta aráin, ola olóige, fínéagar (vinagre de Jerez), salann. Sin an méid. Cuir sa chumascóir iad le beagán uisce, ansin trí chriathar chun na síolta agus na píosaí craicinn a bhaint as, isteach sa chuisneoir leis, agus ansin voilà, sailéad a óltar as gloine!

Séard atá agam sa chuisneoir anois, áfach, ná babhla lán de ghlasraí leathbhrúite.   :-( 

6 comments:

  1. Dennis bocht! Cumascóir bocht! Tá an ceart agat faoin Gazpacho, a Dennis. Cé nach duine mór salainn mé, agus cuirtear go leor salainn isteach ann, feictear dom, tá cara liom a thagann as an Spáinn chugainn, ó am go chéile, agus déanann sé Gazpacho dúinn. Bíonn sé iontach deas ar fad. An Gazpacho agus mo chara. :-)

    ReplyDelete
  2. Ah, raight. Salann agus bia Spáinneach. Thug mé an rud céanna faoi deara sna bialanna i bPáras freisin. Is féidir go bhfuil an locht ar na bialanna (cuid acu), ní ar an gcuisine féin, ach níl mé cinnte. Nuair a ithim sa bhaile le mo chuid cairde i bPáras ní bhíonn an iomarca salainn ar an mbia... ach is bia Liobánach nó Thai a ullmhaíonn siad de ghnáth. Agus ní bhíonn an iomarca salainn sa bhia ag El Mansour, an bhialann Mharacach is fearr liom sa chathair sin.

    ReplyDelete
  3. Ní mór duit é a dhéanamh mar a rinne do shinsir é san anallód anois, a chara. Ach an bhfuil nótaí ar imeall áirithe faoi seo? B'fhéidir ciorcal comharsana ag canadh amhráin oiriúnaigh, á bhualadh?

    ReplyDelete
  4. An maolódh sé an phian dá gcuimhneofá ar a bhfuil sa gcuisneoir mar bhunús pisto?

    ReplyDelete
  5. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Dea-scéal: chríochnaigh mé an gazpacho inniu. Cheannaigh mé cumascóir nua, ceann a fuair léirmheasanna maithe, a bhí ar fáil sa siopa is giorra do mo theach... agus a raibh lascaine air!

    ReplyDelete