08 Meitheamh 2009

clúsenáir


Rinne an tOileánach Tréigthe tagairt do chabin fever tamall ó shin. Bhíos ag iarraidh focal Gaeilge a aimsiú a chuimseodh an staid sin. Theip orm. Ach tháinig mé ar fhocal breá ársa de thaisme inné: clúsenáir. Mar a deir an iontráil thuas sa Dictionary of the Irish Language, ciallaíonn sé “an enclosed religious, inclusus”. Bhíodh ancairí sa mheánaois a chaith blianta dá saol múrtha isteach ina gcillíní féin, gan teagmháil leis an saol lasmuigh ach amháin trí fhuinneog. Chaith Marianus Scottus, nó Máel Brigte, a bhí beo ó 1028 go 1082, an dara leath dá bhliain ar an Mór-roinn (“peregrinans pro Christo in Gallias”) mar chlúiseanóir (“multis annis inclusus”), in Fulda ar dtús agus ansin i Mainz, dhá áit atá sa Ghearmáin inniu.

Má thuigim an iontráil thuas i gceart, is nóta imill iad na focail seo:

 is oemen dún indiu, a Moel Brigte, clúsenair isin clusail in Magantia 

Is aoibhinn dúinn inniu, a Mhaoil Bríde, a chlúiseanóir, sa chillín i Magantia (.i. Mainz).

Tá mé díreach tar éis “clúiseanóir" a scríobh, ag cur cló na Nua-Ghaeilge ar an bhfocal ársa, ach níl “clúiseanóir" ná aon rud cosúil leis le feiceáil in aon fhoclóir nua-aimseartha, go bhfios dom.

Dála an scéil, cad é an Ghaeilge ar “shut-in”, duine nach dtéann amach de dheasca tinnis nó míchumais?

7 comments:

  1. Is maith liom an focal ársa sin. Tig 'plúchadh' go nadúrtha chugam chun 'cabin fever' a chur in iúl. Níl fhios agam an é sin an téarma ceart.
    Maidir le 'shut in', is é an chead rud a léim isteach i mo chloigeann nó 'díthreabhach' - tá fhios agam nach bhfuil ciall na heasláinte ag gabháil leis.
    Níor tháinig mé trasna ar an téarma sin, 'shut-in' roimhe, an ainmfhocal é ag tagairt don duine nó don rud atá ar siúl ag an duine?

    ReplyDelete
  2. Caithfidh a bheadh focal Gaeilge ar 'shut-in' ag na heaglaisí in Éirinn. Is 'shut-in' é duine nach féidir teacht chuig an t-Aifreann mar gheall ar a aois nó a thinneas. Déanann daoine ón bparóiste cúairt ar na daoine sin gach seachtain.
    Táim cinnte go bhfaca nó chuala mé focal Gaeilge ar 'shut-in' in áit éigin -- duilleog eaglaise nó clár ar an raidió, b'fhéidir. Ach ní chuimhin liom an focal.

    ReplyDelete
  3. Tháinig 'clabhstra' isteach agus, ós dócha gur ón Spáinnis ('claustra') sa seachtó aois déag é, baineann de cheist leis sin, an ea nach raibh focal in úsáid ag na manaigh in Éirinn san aimsir díreach roimhe sin gur síleadh gá le hiasacht nua ar théarma chomh bunúsach leis i gcúrsaí mainistreach. B'fhéidir gurb í an Laidin amháin a bhain leis an réim téarmaíochta sin dáiríre nó.....ceisteanna gan clabhsúr.

    Seans gur 'clabhstróir' a bheadh inniu agat (ag clabhstráil sa gclabhstra).

    An bhfuil fáth le *clúiseanóir? Nár dhócha *clúsanóir nó *clósanóir féin dá gcuirfí i gcás gur fearr go mór a mhair iasacht eile sa réimse céanna focal agus go bhféadfadh bradaíl fóineolaíochta idir dhá áit nach gceadaítear dul thar claí.

    ReplyDelete
  4. Níl dóigh liom, áfach, gurb ionann "clúsal" (ón Laidin "clausula"), an focal ársa a chiallaíonn "cillín" (m.sh. "clúsenair isin clusail"), agus "clabhstra" (ón Laidin "claustra") a chiallaíonn "áit siúlóide faoi dhíon taobh istigh de mhainistir".

    Maidir le "clúiseanóir" in áit "clúsanóir", is léir ón nguta 'e' in "clúsenáir" go raibh an 's' caol. Ní dhearna mé ach cloí leis an bhfuaimniú sin. Dá mbeadh an focal beo ón am sin suas go dtí an lá inniu, is féidir go mbeadh cruth eile air.

    ReplyDelete
  5. An 'claudo' céanna is bun leo ar fad, 'claustrum' agus 'clausula' sa tSean-Laidin, 'cludo' ar fáil freisin agus is é an guta fada atá rialta nuair atá réimír i dtús an bhriathair. Tarlaíonn na háiteacha siúlóide sin is fearr ar domhan le filíocht a léamh sa chuid den mhainistir nach mbíodh cead ann ach ag an 'inclusus' (ná as aigesean), is é an dúnadh (isteach nó amach) atá i gceist le 'claustra'/'clabhstra' freisin. Príosún a bhíodh sa 'claustrum' sula dtáinig an Chríostaíocht don Róimh.

    ReplyDelete
  6. An t-aighne deabhlaíochta: "dá mbeadh an 's' caol mar a cheapfaí ón 'e', an mbeadh an 'e' le feiceáil le go gceapfaí sin uaithi?" :-)

    Níl cuma na seanúsáide (e.g. *clúisnóir) ar 'clúsenáir'. An bhfuil an dara tuairisc ar an bhfocal ar fáil taobh amuigh d'ábhar Mharianus? Ní shílim ó mo chuimhne féin - ach is bocht í - go mbíodh 20 bliain ó shin.

    An t-aonú aois déag, calque (aon oíche?) ar an Laidin, -s- leathan ar fud na háite sna focla eile ó 'cl(a)us-'

    Ní clabhsúracht ná conclúidíocht ar bith a bheadh ar siúl agamsa faoi ach bhíodh dóthain amhrais agam air fadó agus nach ndéanainn talamh slán de "first impression" an litrithe.

    Nuair a bheadh duine in ann ansin oiread amhrais a chaitheamh ar an ábhar amhrais......go raibh maith agat as ucht a chur i gcuimhne dom gur fearr an tSean-Ghaeilge agus an Mheán-Ghaeilge a fhágáil i do dhiaidh an lá a mbeadh rud ar bith le cur i gcrích uilig agat :-)

    ReplyDelete