01 Meitheamh 2009

Cá bhfuil a thriall?


Tá an leac seo le feiceáil i mBaile Mhúirne. An raibh an ghrian ag scalladh uirthi inniu?

Tá bachall ina láimh aige, agus mura bhfuil dul amú orm tá rud eile ann a deir linn gur pearsa eaglaise a bhí ann.  Ní hí an chros a bhfuil sé ag siúl uirthi atá mé a rá. 

An féidir go raibh sé ina mhanach? Tá suim ar leith agam sna manaigh, go háirithe nuair a bhíonn triúr acu ann.  Is dócha go mbeidh orm an firín seo a iolrú faoi thrí.

2 comments:

  1. Ni fheadar an e an corann Cheilteach ata le feiscint ar cheann an fhir.

    ReplyDelete
  2. Is dóigh liom go bhfuil an ceart agat. Tá cúpla pictiúr sna láimhscríbhinní d'fhir a bhfuil an chuma sin ar a gcuid gruaige, a bheag nó a mhór. Fan go bhfeice mé...

    ReplyDelete