15 Meitheamh 2009

boladh na ndeor

“An bhfuil a fhios agat go bhfuil boladh as deora?” a d'fhiafraigh mo chara Phil díom inniu. Is síceolaí é Phil. Bhíomar ag siúl ó A go B, ag caint le chéile go macánta cneasta ar dheacrachtaí an tsaoil. “An bhfuil?!” a d'fhreagair mé. “Tá," a dúirt sé.  “Is minic a bhriseann na deora ar chliant le linn dó nó di a scéal a insint.  Tá sainbholadh san oifig ina dhiaidh sin.” 

1 comment:

  1. An rud a shamhlaím faoi dheora, go háirithe deora a thagann I gcásanna mar a bheadh Phil ag plé leo, gur deora iad a bhíonn i ngéibheann le mothúcháin bhrónacha bhriste dhóilseacha, le doilíos mar chuideachta acu go minic.

    Nuair a scaoiltear leis na deora, táthar ag scaoileadh le hiarsmaí na mothúchán, b’fhéidir, agus ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá mbeadh ‘sainbholadh’ ag teacht leo.

    ReplyDelete