22 Meitheamh 2009

Bás don deachtóir!



Tá mé díreach tar éis An Caomhach a léamh, mar a bhfuil cur síos ar an slogan (slua-ghairm) is nua atá le cloisteáil in Iran.  Is mithid dúinn beagán Fairsise a fhoghlaim! Séard a fheiceann sibh thuas ná an rosc catha féin, trí fhocal a léitear ó dheas go clé:

marg  bar  dîktâtôr
bás    ar    deachtóir

Dála an scéil, is teanga Ind-Eorpach í Fairsis, agus tá an fréamh mar- san fhocal “marg” le fáil i “marbh”, “mortuary”, etc. chomh maith.

An bhfeiceann sibh na trí “r”, ceann amháin i ngach focal?

3 comments:

  1. An ionann aibítir na Fairsise agus aibítir na hAraibise?

    ReplyDelete
  2. Tá, cé go bhfuil litir amháin ann, 'g', nach bhfuil san aibítir a fuair siad ó na hArabaigh. Is ionann an 'g' agus an 'k' ach amháin go bhfuil líne eile os ciónn an 'g'. Tá sé le feiceáil thuas sa bhfocal "marg". Tá níos mó litreacha breise sa leagan den aibítir seo ina scríobhtar Urdúis.

    ReplyDelete