16 Meitheamh 2009

ar fáil i Nua-Ghaeilge anois



Tá suíomh dá chuid féin ag  Inna Téoir Mucca Beca  anois, leis na léaráidí go léir a rinne Theresa Illés. Agus, toisc go bhfuil an leagan Sean-Ghaeilge seo níos Gaelaí -- i mo bharúil féin -- ná aon insint eile atá ar fáil amuigh ansin anois, chuir mé Gaeilge an lae inniu air freisin.  Tá sé anseo:  An Triúr Muc Beag.

Ceist agam oraibh: an bhfuil an teideal sin, “An Triúr Muc Beag”, ceart?

8 comments:

  1. Creidim go bhfuil an teideal sin ceart, i bhfianaise an méid a léigh mé ar leathanach 30 ar http://www.cainteoir.com/cainteoir_files/gramadach/Uimhreacha.pdf, ach is féidir leat súil a chaitheamh air tú féin, a chara, le bheith cinnte, le bheith cinnte...:)

    ReplyDelete
  2. Bhuel, uhh...cheap mé gur daoine iad 'triúr'.
    Nach comhcheangal de 'trí' is 'fear' é an focal??

    ReplyDelete
  3. Tá sé ceart, go bhfios domsa, ó thaobh na comhréire caighdeánaí de ar a laghad. An ginideach iolra a leanann an uimhir phearsanta, agus is é "muc beag" an ginideach iolra (lag) de "muc bheag". Ach is rud saorga é an chomhréir chaighdeánach. Tá mé cinnte go bhfuil a fhios agaibh go bhfuil an-chuid éagsúlachta amuigh ansin sa chaint maidir leis na huimhreacha pearsanta, agus maidir leis na lagiolraí araon. Uaireanta bíonn fonn ar dhaoine an t-ainmneach uatha a úsáid le huimhir phearsanta, rud d'fhágfadh le "triúr muc bheag" muid. Agus uaireanta seachnaíonn daoine an lagiolra sa ghinideach mar tá cuma saghas ardnósach sheanfhaiseanta air, rud d'fhágfadh le "triúr muca beaga" muid.

    Maidir leis an cheist, an ceart uimhir phearsanta a úsáid i leith na muc nuair nach daoine iad muca, bhuel, an freagra a bheadh agamsa ná, cén dochar? Luíonn sé sin go maith leis an scéal mar tá na muca á n-iompar féin ann mar a bheadh daoine. Mar sin oireann sé mar mheafar an friotal daonna a úsáid le haghaidh ainmhithe. Dála an scéil, ní bheadh leisce ormsa uimhir phearsanta a úsáid i leith peataí tí ar nós madraí agus cait: "tá an bheirt chat faoin tábla" agus mar sin de. I m'intinn féin, tá an teorainn idir neacha daonna agus nithe nach daoine iad thar a bheith solúbtha!

    ReplyDelete
  4. Go deas. Ach tá fadhb ag an tseanleagan de IE (6) atá in úsaid agam - tá cuid den téacs ar dheis agus ar chlé in easnamh.

    Maidir le tríur, is le daine a úsáideadh mise é, ach tá dealramh le tuairim Mhichal.

    Ní cuimhin liom cén teideal go baileach atá ar leagan an Ghúm.

    ReplyDelete
  5. Go raibh maith agaibh! Fuair mé na teidil seo ar an idirlíon:

    Na Trí Muca Beaga
    Na Trí Mhuc
    Na Trí Mhuicín

    Aon tuaiplisí le ceartú sa téacs féin?

    ReplyDelete
  6. Aonghuis, Tá mé i ndiaidh “max-width:100%” a chur ar an téacs. An dtug sin léigheas ar bith ar an deacracht a bhí agat?

    Ní fheadair an mbaineann an deacracht le sean sean scáileán ríomhaire nach bhfuil ach fairsinge 640px air, seachas le IE féin? B’fhéidir go dtiocfadh leat screen dump a chur thugam? (caoimhin@smo.uhi.ac.uk)

    Tá sé contúirteach a bheith ag obair le IE 6 san lá atá inniu ann, déarfainn. Ní bheadh security patches air in aghaidh na n-exploits is úire ag na hackers.

    ReplyDelete
  7. Ní mo rogha atá ann! Sin atá san oifig.
    Firefox atá agam sa bhaile.

    Ní bheidh mé thar nais san oifig go dtí an Mháirt. Féachfaidh mé air ansin.

    Dála an scéil "Na Trí Mhuicín" atá ar an leagan a rinne Treasa Ní Ailpín don Ghúm.

    ReplyDelete
  8. A Chaoimhín, tá an deacracht a bhí agam leis an téacs ar lár leigheasta anois.

    GRMA.

    ReplyDelete