06 Meitheamh 2009

ar an bpláta aréir



Rinne mé bia deisceartach (.i. Deisceart Mheiriceá, .i. Dixie) aréir le haghaidh feoilséantóirí. Ithim féin chuile rud, ach bhí cairde ón Taobh Eile chun dinnéir againn aréir. Chuir mé ológa dubha (niçoises) sa chál catach i leaba an bhagúin.  D'fhill mé na prátaí milse i scragall in éineacht le sú líomóide, salann, ola almóinne agus sliseanna líomóide, agus bhácáil mé ar feadh i bhfad iad. Agus rinne mé arán as min bhuí ó Anson Mills (an mhin bhuí is fearr ar domhan), sóid, salann, bláthach, ubh amháin, agus beagán ola.  Cuireann na Yankees plúr agus siúcra ann freisin, ach is ABOMINATION é sin.  Bhí súnna talún agus cáca angel food againn mar mhilseog.

O, agus bhí aoibh mhaith ar an gcomhluadar nuair shuigh muid chun boird, tar éis dúinn tosú le cúpla caipirinha an duine ar an deic. 

6 comments:

  1. Bhuel, ní Cracker Barrel é, ach an-jab mar sin féin... ;-)

    Nach bhfuil deep-frier agat?

    ReplyDelete
  2. Níl. Tá Catfish Corner againn le haghaidh a leithéid. Cosúil le sceallaire, ach le hushpuppies in áit na sceallóga. :-)

    http://www.mo-catfish.com/

    ReplyDelete
  3. Mmm. Is breá liom huschpuppies (cé nach bhfaighim iad ach ó Nathans).

    ReplyDelete
  4. Táim chun triail a bhaint as an oideas seo, mura miste leat, a Dennis.

    An mbíonn blas mór salainne ó na hológa ar an gcabáiste?

    ReplyDelete
  5. Raight, a Áine. Ba chóir duit a bheith beagán cúramach leis an salann. Cál a úsáidim -- cál catach nó cál dearg nó lacinato -- ní gnáthchabáiste. Cuirim beagán harissa ann freisin, agus tosaím le beagán oiniúin, friochta in ola. Agus cuirim leathchupán fíona ann freisin, in éindí leis an uisce -- fíon geal, ar ndóigh.

    ReplyDelete