04 Meitheamh 2009

iomaíocht

Ar bhain sibh triail as an inneall cuardaigh nua Bing? Is féidir go bhfuil róbat a dhiongbháilte casta ar Ghoogle faoi dheireadh. Is maith liom é -
- agus níl baint dá laghad agam le Microsoft!

6 comments:

  1. Leagan Gaeilge?

    Cad a tharla le "Cuil" dála an scéil.

    ReplyDelete
  2. Ní fheictear dom go bhfuil aon rud nua nó speisialta nó neamhghnách faoi. Is inneal cuardaigh é, lánstad.

    ReplyDelete
  3. Níor tharla faic do cuil.
    Is dóigh liom go bhfuil an ceart ag Michal.
    Go dtí go mbíonn rud éigin suntasach agus nua bainte amach ag an dream atá ag iarraidh google a chloí, ní tharlóidh faic.

    Tá an oiread sin sonraí ag google fúinn gur féidir leo na torthaí, ar mian linn a fháil, a roghnú níos fearr ná mar a bheidh aoinne eile in ann. Féach go bhfuil an achar seo faoina smacht siúd, abair...

    Táimid go léir gúglailte!

    ReplyDelete
  4. Tá cúpla áis nua sa chomhéadan, áfach. Mar shampla, is féidir cliceáil ar an líne beag ar thaobh deas na hiontála le sliocht a bhaineann le hábhar as an bhfoinse sin a fheiceáil, gan dul go dtí an suíomh sin.

    ReplyDelete
  5. Cloig is feadóga, ceart go leor. Tá áthas orm nach ndúirt tú "deatach is scátháin"! ;-)

    ReplyDelete