29 Meitheamh 2009

Aniar



Tá mé tar éis cúpla lá a chaitheamh le Aniar, á léamh is ag éisteacht leis an DD. Is galánta an leabhar é, agus is iontach saibhir atá na glórtha agus an ceol ar an diosca. Bhíos ar tí “an reacaireacht” a rá, ag smaoineamh ar an am a mbíodh reacaire ag gach file chun a chuid dánta a rá go poiblí le ceol na cláirsí. Faraor, ní féidir an focal a úsáid mar sin anois. Mar sin féin, is reccairecht den chéad scoth atá le cloisteáil anseo.

Tá na nótaí a théann le gach téacs an-saibhir freisin. Rud amháin a thaitníonn go mór liom ná nach lom-aistriúchán ar an nóta Gaeilge atá sa leagan Béarla. Tá rudaí ar leith le rá ag an dá chuid. Is leor an Béarla don Bhéarlóir, ach tá tuilleadh ann don duine a bhfuil an dá theanga aige.

Bhí suim ar leith agam sna trí ortha sa chnuasach seo. Chuir siad ag tochailt mé i measc na n-orthaí a tháinig slán chugainn ón meánaois -- níos mó faoi sin anseo ar ball.  ;-)  Píosa eile a thaitin go mór liom, agus a chuir gáire dóite orm ná Tiocfaidh an Lá:

Tiocfaidh an lá
a mbeidh bóthar ar gach logán
Teach mór ar gach cnocán
Droicheaad thar gach feadán
Cóiste faoi gach breallán
Béarla i ngach bothán
Is an saol mór ina bhrachán.

4 comments:

  1. Monuar, tá an lá sin tagtha!

    Aniar ar mo mhianliosta le tamall.

    Beidh mé ag súil le orthaí uait!

    ReplyDelete
  2. GO raibh maith agat faoin méid seo, a Dennis. Tá leabhar eile sa tsraith seo ar an mbealach - bunaithe ar thraidisiún na Mumhan a bheas sé. Bhí mé ag caint leis an scríbhneoir, Brenda Ní Shúilleabháin, ar an bhfón inniu agus léigh sí cúpla píosa iontacha dom a bhfuil sí tar éis teacht ó dheas orthu. Beidh "Aneas" (teideal oibre) ar fáil i gcomhar na Nollag 2010, tá súil againn.

    ReplyDelete
  3. Beidh mé bancbhriste fós de bharr foilsitheoirí na Gaeilge

    ReplyDelete
  4. Éistim leis go rialta sa charr agus mé ag taisteal liom. Tá sé iontach ar fad!

    ReplyDelete